Prótachtainiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Prótachtainiam
Siombail Cheimiceach Pa
Uimhir Adamhach 91
Meáchan Adamhach 231.03588 g·mol-1
Grúpa, Peiriad -, 7, f
Dlús 15.37 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Achtanóidigh
Pa-TableImage.png

Dúil radaighníomhach é an prótachtainiam, ar ceann de na hachtanóidigh é, agus is é dúil uimhir a 91 sa tábla peiriadach. Is í an tsiombail a sheasann dó ná Pa. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá aige ná 231Pa, agus é 32,760 bliain ar leathré. Is féidir iarsmaí beaga prótachtainiam a aimsiú i mianraí úráiniam, ós rud é gur ceann de na núiclídí i meathshlabhra an iseatóip úd 235U é: nuair a thiocfaidh alfa-mheath ar an gcineál seo úráiniam, gheofar 231Th (iseatóp de chuid an tóiriam), agus nuair a thiocfaidh béite-mheath ar an tóiriam seo, gheofar 231Pa.

Miotal lonrach é an prótachtainiam, ach tiocfaidh brat ocsaíde air má choinnítear i dteagmháil leis an aer é.

Ba é an fisiceoir Polannach Kazimierz Fajans a d'aithin an prótachtainiam an chéad uair sa bhliain 1913. Roimhe sin, áfach, bhí an fisiceoir Sasanach, Sir William Crookes, in ann prótachtainiam a aonrú, ach níor thuig seisean gur dúil ar leith a bhí ann. Bhaist Fajans bréiviam ar an dúil nua, ós rud é nach raibh sé fadsaolach - "gearr" nó "gairid" is brí leis an bhfocal Laidine brevis. Nuair a tháinig dhá fhoireann eolaithe - ceann acu sa Ghearmáin (Lise Meitner agus Otto Hahn) agus an ceann eile sa Bhreatain Mhór (Frederick Soddy agus John Cranston) - ar an dúil chéanna beag beann ar a chéile sa bhliain 1918, bhaist siad próta-achtainiam air. Giorraíodh an t-ainm seo go prótachtainiam sa bhliain 1949.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tipiciúla ná +IV agus +V, ach tá comhdhúile prótachtainiam ann freisin ina bhfuil na huimhreacha ocsaídiúcháin +II agus +III aige.