Lise Meitner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh sa Vín ab ea Lise Meitner (1878-1968). Le Otto Hahn (1879-1968) d'fhionn sí an dúil radaighníomhach prótaictiniam (Pa) i 1917. Bhí uirthi teitheadh ó na Naitsithe as Beirlín don tSualainn i 1938, agus díreach ina dhiaidh sin d'fhionn Hahn bairiam radaighníomhach. Le Otto Frisch (1904-1979), a nia, rinne sí amach gur trí eamhnú núicléach a cruthaíodh an bairiam radaighníomhach seo. Creideann cuid mhaith daoine gurbh éagóir é nár roinn Lise Meitner Duais Nobel sa cheimic a bhuaigh Otto Hahn i 1944. Le déanaí ainmníodh an dúil (shaorga) leis an uimhir adamhach 109 aisti: meitnéiriam (Me).