Ludwig Boltzmann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ludwig Boltzmann

Fisicí a rugadh sa Vín ab ea Ludwig Edouard Boltzmann (20 Feabhra 18445 Meán Fómhair 1906). Chuidigh sé go mór le forbairt theoiric chinéiteach na ngás is na meicnice staitistiúla. Shaothraigh sé prionsabal chomhroinnt an fhuinnimh i ngás (a dtugtar dlí Boltzmann air), agus ainmníodh an tairiseach k sa phrionsabal seo as. Tagann a ainm isteach i ndlí Stefan-Boltzmann freisin, a chuireann síos ar radaíocht dúchoirp.