Plé úsáideora:RonanODalaigh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:AFC submission

Íomhá:Seacht mBua an Éirí Amach.png
Clúdach Seacht mBua an Éirí Amach 2010

Leabhar is ea Seacht mBua an Éirí Amach de chuid an scríbhneora próis Pádraic Ó Conaire. Leabhar scéalaíochta é faoi dhaoine ar thug Éirí Amach na Cásca casadh buan ina saol. Tá seacht scéal sa leabhar a dhéanann ceiliúradh ar an Éirí Amach agus deirtear go bhfuil cuid den scríbhneoireacht is fearr dá ndearna Ó Conaire sa leabhar. D'fhoilsigh Clólucht Maunsel an leabhar den chéad uair sa bhliain 1918 faoin ainm Seacht mbuaidh an Éirghe Amach. Sa bhliain 1967 d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill an chéad eagrán de Seacht mBua an Éirí Amach. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an dara heagrán, curtha in eagar ag Tomás de Bhaldraithe sa bhliain 2010.[1]

Rugadh Pádraic Seosamh Ó Conaire ar an 28ú Feabhra 1882 i dteach tábhairne an 'Lobster Pot Bar' i nGaillimh.[2] Bhí baint ag Ó Conaire le gluaiseacht náisiúnachais na haimsire; agus é ina chónaí i Londain chuir sé aithne ar Mhícheál Ó Coileáin agus chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann. [3] Bhí aithne mhaith aige ar Phádraic Mac Piarais a bhí mar eagarthóir agus cara leis [4] agus Éamon De Valera a bhí mar chomhscoláire leis i gColáiste na Carraige Duibhe. [5] Níor ghlac Ó Conaire páirt san Éirí Amach ná sna cogaí a lean é. [6] Fuair Ó Conaire bás ar an 6ú Deireadh Fómhair 1928 i mBaile Átha Cliath. [7]

Tá seacht gcaibidil sa leabhar agus tá na scéalta neamhspléach ar a chéile. Den chuid is mó tá carachtair agus plotaí eagsúla i gceist i ngach caibidil.

Ceoltóirí[athraigh foinse]

Sa chéad chaibidil casann Antaine ar Phól Dubh. Ceoltóirí iad beirt. Buachaill óg é Antaine a bhfuil dúil aige sa cheol. Fear aosta, dall é Pól Dubh. Athair Antaine é Pól ach é sin i ngan fhios d’Antaine. Tá rún tromchúiseach éigin ann a bhaineann le máthair Antaine, Mairéad, agus Pól Dubh. Rún nimhneach nach dtuigtear dúinn sa chéad chaibidil. Is léir gur tharla eachtra éigin a chuir Mairéad go mór i gcoinne Phóil agus gur ise a bhain radharc dá shúile. D’inis máthair Antaine bréag dó agus creideann sé go bhfuil a athair marbh. Tá sí scanraithe go n-inseoidh Pól an fhírinne d’Antaine. Faoi dheireadh beartaíonn sí an rún a scaoileadh le hAntaine i láthair Phóil. Sular féidir léi an scéal a insint imíonn Antaine chuig Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh san Éirí Amach.

Díoltas[athraigh foinse]

Sa dara caibidil faigheann muid amach go gcailltear Antaine san Éirí Amach. Beartaíonn Pól díoltas a bhaint amach i gcoinne cheannaire airm na Breataine. Tugann sé cuairt air agus tá sé i gceist aige é a mharú. Ach díreach sula maraíonn sé é deir an ceannaire airm gur chaith bean ola ina shúile agus go mbeidh sé dall go deo. Mairéad a chaith an t-ola. Ní mharaíonn Pól é toisc a uafásaí is atá cás an oifigigh.

Beirt Bhan Misniúil[athraigh foinse]

Sa tríú caibidil faigheann ógánach bás san Éirí Amach. Teann comrádaí leis chun an scéal a insint dá mháthair. Ach teipeann ar a mhisneach agus ní insíonn sé di é agus beartaíonn sé an fhírinne a cheilt. In éineacht le bean gheallta an ógánaigh coimeádann siad an rún ón mbean aosta. Ach nuair atá an bhean aosta ag fáil bháis deir sí le comrádaí a mic go raibh a fhios aici go raibh a mac marbh agus gur gá dó an fhírinne a cheilt ó bhean gheallta a mic.

Anam an Easpaig[athraigh foinse]

Sa cheathrú caibidil tá easpag agus a thiománaí ag dul go Baile Átha Cliath. Teipeann ar an ngluaisteán agus nuair atá an tiománaí á dheisiú éiríonn an t-easpag chun a chosa a shíneadh. Imíonn an tiománaí agus ní thugann sé faoi deara nach bhfuil an t-easpag sa ghluaisteán. Tosaíonn an t-easpag ag siúl go dtí go dtagann sé chuig teach ósta. Agus é ann tagann scéal chuig an dream atá sa teach ósta go bhfuil an t-Éirí Amach ar bun agus ón áit ina bhfuil siad is féidir leo an torann a chloisteáil agus an deatach a fheiceáil ó Bhaile Átha Cliath. Ón eachtra agus radharc seo a fhaigheann an t-easpag a anam.

Bé an tSiopa Seandachta[athraigh foinse]

Sa chúigiú caibidil tá Peadar Ó Dónaill ag ullmhú agus ag pleanáil don Éirí Amach. Tá úsáid á baint aige as teach in aice le siopa seandachta. Tá cailín sa siopa seandachta (an bhé) atá ag coimeád súil air agus a bhfuil dúil aici ann. Tá bleachtaire sa tóir ar Pheadar agus ag iarraidh eolas a fháil air. Cuireann an bhé an dallamullóg ar an mbleachtaire agus deir sí le Peadar go bhfuil an bleachtaire á leanúint. Tá dúil mhór ag an mbleachtaire sa bhé.

Tar éis an Éirí Amach cuirtear Peadar chun báis. Díríonn an pobal tarcaisne ar an mbleachtaire toisc an ról a bhí aige i mbás Pheadair. Ar deiridh cuireann sé lámh ina bhás féin.

Rún an Fhir Mhóir[athraigh foinse]

Sa Choill Bhuí in Iar-Chonnachta a thosaíonn an scéal. Insítear dúinn gur phós an Fear Mór, Séamas Seoighe, i ndiaidh na Cásca agus gur phós sé arís go luath ina dhiaidh sin. Rún an fhir mhóir ná go bhfuil a chéad bhean chéile imithe as radharc agus nach bhfuil a fhios ag aon duine cá bhfuil sí. Creideann an pobal go bhfuil sé tar éis í a mharú. Tagann fearg ar an dara bean chéile agus creideann sí go bhfuil an Fear Mór i mbradaíl. Ag buaicphointe an scéil tá na Gardaí ag ceistiú an Fhir Mhóir agus tá deartháireacha a mhná chéile ar tí é a ionsaí. Faoi dheireadh scaoileann an Fear Mór a rún agus insíonn céard a tharla: bhí sé ar an aonach i mBaile Átha an Rí nuair a lorg fear tearmann uaidh. Ceannaire an Éirí Amach a bhí ann agus chabhraigh an Fear Mór leis éalú trí ghúna pósta a bhean chéile reatha a chur air agus ligean air go raibh sé tar éis pósadh.

M'Fhile Caol Dubh[athraigh foinse]

Tosaíonn an seachtú caibidil le plámás agus ardmholadh don Fhile Caol Dubh, an Búrcach Dubh; fear agus file den chéad scoth a bhfuil ardmheas ag an uile dhuine air. Tagann casadh sa scéal áfach nuair a dhéanann bean darb ainm Eibhlín é a cháineadh. Scéal Eibhlín agus an caidreamh a bhí aici leis an bhFile Caol Dubh is ea bun agus barr an seachtú caibidil. Chas Eibhlín air agus thit sí i ngrá leis, cé go raibh sí pósta bhí sí tógtha leis go hiomlán. Thit Éirí Amach na Cásca amach agus bhí Eibhlín buartha go raibh an File gortaithe nó básaithe; labhair sí faoi ina codladh. Chuaigh a fear céile chun scéal an Fhile a fhiosrú agus maraítear é sa troid. Cailleann Eibhlín gach gean a bhí aici don fhile nuair a chloiseann sí nach raibh baint dá laghad ag an bhFile Caol Dubh leis an Éirí Amach.

Téamaí[athraigh foinse]

Buntéama an leabhair ná an dea-thionchar a d'imir an tÉirí Amach ar mheon na ndaoine. An sprioc atá ag Ó Conaire ná a léiriú go ndeachaigh an tÉirí Amach go mór i bhfeidhm ar dhaoine. Baineann sé úsáid as an scéalaíocht chun an sprioc sin a bhaint amach. Den chuid is mó tarlaíonn rudaí diúltacha do na carachtair. Ach is é an t-athrú meoin a tharlaíonn de bharr na n-eachtraí seo príomhtheachtaireacht an leabhair. In ainneoin go ndeachaigh na carachtair aonair trí chruatan mar gheall ar an Éirí Amach is maith an rud é an t-athrú meoin atá mar thoradh an chruatain.[8]

Íomhá:Pádraic Ó Conaire.jpg
Pádraic Ó Conaire

Léirmheastóireacht liteartha[athraigh foinse]

Tá clú ar Ó Conaire mar scríbhneoir den chéad scoth. Thug Pádraigín Riggs ceannródaí liteartha air agus dár le hAlan Titley gur réabhlóidí i litríocht na Gaeilge ba ea é.[9] Bhí an méid seo le rá ag Clólucht Maunsel faoi Seacht mBua an Éirí Amach nuair a d'fhoilsigh siad ar dtús é: His latest book is without doubt his best book. it is more mature; his command of language, as always, is remarkable, and his subject is refreshingly modern. His seven stories, seven victories or triumphs of the Rising, as he calls them, represents the after effects of the Rising on different types of individual Irishmen. Perhaps the most striking is 'Anam an Easpaig' in which a bishop's political metamorphose is described with particular brilliance. No reader of modern Irish can afford to miss this book. We have endeavoured perhaps for the first time in Irish history of modern Irish literature to turn out this book in a manner worthy of its importance. It contains no word of any language other than Irish, and is printed and bound in Ireland, in the style of our best books.[10] Dúirt Edward Mc Lysaght, a bhí i gceannas ar Chlólucht Maunsel: One day Pádraic Ó Conaire called and offered us a book of short stories in Irish called Seacht mBua an Éirí Amach. The overdraft was stretched to its limit and he wanted cash down, so I bought the copyright from him there and then myself for something less than £50, never expecting to see a penny of it again, though in actual fact, it was quite successful for an Irish language book and I reckon that in the end, I just about got my money back.[11] Ina bheathaisnéis Mise thug Colm Ó Gaora léargas ar chur chuige Uí Chonaire agus an tacaíocht a fuair sé chun an leabhar a chuir i gcló: Seo an t-am a raibh Seacht mBua an Éirí Amach á chur i gcló dó. Ní raibh an leabhar ar an margadh fós agus bhí sé ag iarraidh síntiús leis an obair a chríochnú. Chonacthas domsa an uair úd go mb'ait an áit a dtáinig sé ag díol a leabhair, le daoine nach raibh bonn bán acu. Is ormsa a bhí an dearmad, áfach. Rinne sé i bhfad ní b'fhearr ná mar a cheap mise a dhéanfadh sé. Más mé féin nár fhéad mórán boige shíneadh a bheith ionann san am, d'éirigh liom seacht is sé pingne a fháil ar iasacht le cóip den leabhar a fháil nuair a bheadh sé á dhíol.[12] D'éirigh go maith leis an leabhar gach uair a cuireadh i gcló é agus aithnítear anois é don ardchaighdeán scéalaíochta agus as an éagsúlacht a bhain leis nuair a fhoilsíodh é ar dtús. Thug an scríbhneoir mór le rá Seosamh Mac Grianna ochtú mbua an Éirí Amach air.[13]

Tagairtí[athraigh foinse]

  1. Ó Conaire, Pádraic. Seacht mBua an Éirí Amach, 2010.
  2. Ní Chionnaith Eibhlín. Pádraic Ó Conaire Scéal a bheatha, 1995. lch 14.
  3. Forester, Margery. Michael Collins: The Lost Leader, 1972. lch 29.
  4. De Faoite, Diarmuid. Pádraic Ó Conaire: Rogha Scéalta, 2008. lch 14.
  5. Blackrock College Annual, 1982, lch 19.
  6. Ní Chionnaith Eibhlín. Pádraic Ó Conaire Scéal a bheatha, 1995. lch 94, 95.
  7. Ní Chionnaith Eibhlín. Pádraic Ó Conaire Scéal a bheatha, 1995. lch 454.
  8. Ní Chionnaith Eibhlín. Pádraic Ó Conaire Scéal a bheatha, 1995. lch 346.
  9. Scothscéalta, 2009.
  10. New Ireland 6/4/1918, lch 360.
  11. Edward Mc Lysaght Changing Times, lch 61.
  12. Ó Gaora, Colm. Mise, 1943. lch 176.
  13. Ó Conaire, Pádraic. Seacht mBua an Éirí Amach, 2010.

Seacht mBua an Éirí Amach[athraigh foinse]