Phillip James de Loutherbourg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir is dearthóir stáitse a rugadh i Strasbourg na Fraince ab ea Phillip James de Loutherbourg (1740-1812). Cáil air as a stáitsí nuálaíocha mionsamhlaithe meicnithe. Ina chomhairleoir ealaíonta in Amharclann Drury Lane i Londain (1771-1781), mar ar thug sé isteach forbairtí ceannródaíocha i ndearadh radhairc agus soilsiú stáitse a d'athraigh na gnéithe seo den amharclannaíocht go mór. I 1781 shaothraigh sé an t-eideafusacón, stáitse mionsamhlaithe le claochluithe lánléargais trí úsáid tréshoilseán is plátaí daite.