Peireacairdíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh an pheireacairdiam, an sac snáithíneach timpeall an chroí. Is féidir go dtarlóidh sé de thoradh ar ionfhabhtú, le víris go háirithe, ar ghalair na bhfíochán tacaíochta cosúil le lúpas sistéamach eiritéamatach, nó mar aimhréidh ar thaom croí. Pian ghéar sa chliabhrach an siomtóm is suntasaí, a ghéaraíonn le hionanálú, agus siomtóm eile is ea fiabhras. Cloistear fuaim shainiúil cuimilte ón gcroí nuair a dhéantar éisteachtas ar an othar. Aimhréidh throm ar an riocht seo is ea carnadh sreabháin idir an peireacairdiam is an croí, a chuireann brú ar an gcroí is bac ar a chaidéalú éifeachtach, rud a chuireann tús le croitheadh. Is féidir gur gá an sreabhán a dhraenáil le snáthaid.