Patrick Suskind

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scríbhneoir agus drámadóir Gearmánach é Patrick Süskind (Rugadh in Ambach, an Ghearmáin, 26 Márta 1949). Ghnóthaigh sé céimeanna sa stair ó ollscoil München agus ollscoil Aix-en-Provence. An t-úrscéal is clúití leis ná Das Parfum (An Cumhrán) a bhain cáil dhomhanda amach, agus a aistríodh in daichead teangacha iasachta. In ainneoin sin caitheann Süskind saol ciúin socair príobháideach agus is annamh a théann sé faoi agallamh agus ní minic a fheictear ag ócáidí poiblí é. In München, in Seeheim agus sa Fhrainc a bhíonn sé ina chónaí.

Saothar[athraigh | edit source]

Rinneadh scannán de Das Parfum sa bhliain 2006.