Patrick McCarry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPatrick McCarry
Beathaisnéis
Breith1875
Contae Aontroma, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Iúil 1921
45/46 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Gníomhaí poblachtach Éireannach ab ea Patrick McCarry (1875 – 18 Iúil 1921) a feallmharaíodh.

Rugadh McCarry i Murlach, Contae Aontroma i 1875. Bhí sé ina fheirmeoir agus bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge freisin. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann i 1914, agus ansin in Arm Phoblacht na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse.[1]

In olltoghchán na Ríochta Aontaithe i 1918, sheas McCarry do Shinn Féin in Aontroim Thuaidh, ag glacadh 21.7% den vóta in aghaidh iomaitheoir amháin eile, an tAontachtach Peter Kerr-Smiley.[2][3]

Bhí McCarry ina ghiúistís áitiúil agus, dá bharr sin, thugadh sé cuairt rialta ar stáisiún áitiúil na nGardaí. I mí Iúil 1921, nuair a shroich sé an stáisiún, scaoileadh marbh é ag ball nua de na B-Speisialtaigh.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. J. Anthony Gaughan, Memoirs of Senator Joseph Connolly, p.153
  2. "Patrick McCarry". Elections Ireland. Dáta rochtana: 2023-07-04.
  3. 3.0 3.1 "Magistrate shot", Irish Times, 19 Iúil 1921