Na Mongólaigh sa Rúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa 13ú haois a tháinig na Mongólaigh go dtí an Rúis, agus bhí an-tionchar acu ar stair na tíre sin.

Teacht na Mongólach[athraigh | edit source]

Tháinig an chéad ionradh Mongólach ar Dheisceart na Rúise sa bhliain 1223 faoi cheannas an Cháin mhórchlúitigh féin Geingeas. Ós rud é gur san Deisceart a rinne Geingeas a chuid racáin, níorbh eagal do Novgorod é; an chéad taoiseach eile - Batú - a chuaigh i gceannas ar arm a Chan féin, thug sé aghaidh ar na prionsachtaí tuaisceartacha, mar Vladimir-Suzdal agus Novgorod.

Ba mhillteanach an namhaid iad na Mongólaigh is na Tatáraigh, agus iad ag scuabadh rompu anoir gan oiread agus ballóg a fhágáil ina seasamh ina ndiaidh. B'iomaí cathair Rúiseach a scrios is a chreach siad gan taise, gan trua, gan trócaire - Cív, Vladimir agus Suzdal ina measc - ach d'éirigh leis an bPrionsa Alastair thuasluaite dul i gcomhchainteanna leis na Mongólaigh. Shábháil sé é féin agus a ríocht trí cháin bhliantúil a ghealladh do na danair seo.

Chuir na Mongólaigh cúirt an Cháin - an Mathshlua Órga - ar bun i nDeisceart na Rúise, in áit ar bhaist siad "Saray" uirthi.

B'é ba toradh dó seo ná gur fágadh an chuid ba mhó den Rúis faoi fhorlámhas na Mongólach ar bhealach díreach nó indíreach. Ba chuid de ríocht na Mongólach iad oirthear agus deisceart na Rúise. Na prionsachtaí beaga san Iarthar, bhí gobharnóir nó fear ionaid de chuid na Mongólach i ngach ceann acu, agus aitheantas tugtha acu do Chán na Mongólach mar Ard-Rí. Sa tuaisceart a bhí tailte Novgorod, agus iad saor ó dhíormaí Tatáracha, ach bhí lucht a rialtais ag íoc cánach leis na Mongólach.

Moscó[athraigh | edit source]

Bhí stát nua ag teacht chun tosaigh, áfach, i measc na mionphrionsachtaí: Moscó. Ní raibh i Moscó ar dtús ach cineál taobhchathair nó cóilíneacht de chuid Vladimir-Suzdal. B'é Iúirí Dolgarúicí (nó "Seoirse Lámhfhada") a thóg an chéad chaisleán ins an áit seo, agus de réir a chéile, rinneadh prionsacht daoithi, mar Mhoscó. (As an abhainn - Moskva-reka - atá ag sní tríthi a hainmníodh an chathair. Creidtear gur tháinig ainm na habhainne as ceann de na teangacha Fionnúgracha a labhraítear nó a labhraítí thall is abhus sa Rúis, agus gaol ag an ainm Moskva leis na tamhain Fhionnúgracha a chiallaíonn "dubh" agus "uisce" - musta agus vesi na Fionlainnise. Thiocfadh a rá, mar sin, gur "Dubhlinn" is ciall le hainm na cathrach ó thús.)

D'éirigh le hIvan Kalita - nó "Seán an Sparáin" - sa bhliain 1328 ceadúnas a mhealladh ón gCán prionsacht Tver' in aice le tailte Mhoscó a fhorghabháil. Mar a thaispeánann a leasainm, fear inseifte tíosach a bhí in Ivan, agus sparán mór aige: chaith sé a ailp ag ceannach tailte úra ón gCán sa bhreis ar a bhfuair sé nuair a chloígh sé Tvéir.

B'éigean do Novgorod géilleadh do bhrú na Sualannach is na Liotuánach, fosta: de réir a chéile, chaill sí a seanghradam, agus Moscó ag fás is ag forbairt.

Faoi Bhráca na Mongólach[athraigh | edit source]

Ba mhór an t-éirleach é an tréimhse a chaith na Mongólaigh ag rialú na Rúise. Nuair a tháinig siad ag marú is ag creachadh rompu, bhánaigh siad limistéir mhóra den tír go hiomlán, agus nuair a chuir siad ar bun cumhacht eagraithe, níor bhuair siad a gcloigne le gnaoi na ndaoine a chothú ná a tharraingt orthu féin. Mar sin, d'éalaigh na sluaite síoraí de Rúisigh rompu go Novgorod le teacht slán ar a bhforlámhas. De réir mar a chuaigh nósanna cruálacha míthrócaireacha i bhfeidhm ar an bpobal, d'éirigh na Rúisigh as an tsibhialtacht go hiomlán, ó bhí troid laethúil na beatha ag éileamh gach a raibh de ghustal iontu. Bhí na prionsaí Rúiseacha ag tógáil uisce faoi thalamh in éadan a chéile, agus na Mongólaigh á saigheadadh faoi chéile lena ngaisneas a bhaint as gach cineál easaontais nó faltanais idir na Rúisigh.

Dmitriy Donskoy[athraigh | edit source]

Sa cheathrú haois déag, áfach, d'éirigh le prionsa Mhoscó, Dmitriy, na Rúisigh a chruinniú in éadan na dTatárach. Bhí scoilt ag teacht ar na Mongólaigh, agus Mathshlua nua bunaithe ag cuid acu le dul in iomaíocht leis an Mathshlua Órga - an Mathshlua Geal. Chuaigh fórsaí Dmitriy chun teagmhála leis na Tatáraigh i gKulikovo in aice leis an abhainn úd Don, agus b'iad na Rúisigh a bhuaigh an cath cáiliúil seo i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1380. Ina dhiaidh sin, chuaigh ag an Mathshlua an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh arís, ach bhí sé foghlamtha acu anois nach dochloíte a bhí na Mongólaigh, agus go raibh sé indéanta ruaigeadh a chur orthu as an tír. Gaireadh laoch náisiúnta de Dmitriy - Dmitriy Donskoy, nó Dmitrí ó Don.

Tokhtomysh agus Vasiliy[athraigh | edit source]

Ní raibh na Tatáraigh sochloíte ach an oiread, áfach. Nó tháinig Cán úr i gceannas orthu uilig - Tokhtomysh, a bhí i mbun an Mhathshlua Ghil ar tús. Rinne Tokhtomysh creach agus ródach ar Mhoscó le díoltas a agairt ar Dmitriy Donskoy, ach níorbh é sin an deireadh le troid na Rúiseach, nó thionóil Vasiliy, mac Dmitriy Donskoy, na Rúisigh ó chúigí is ó phrionsachtaí éagsúla ina gcomhghuaillíocht mhór mhillteanach le cath a chur ar na Tatáraigh agus ar an namhaid úr a bhí ag druidim isteach aniar - monarcacht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine. Bhí réalta Novgorod ag dul faoi faoin am seo, agus Moscó ag déanamh forghabhála ar cheantair iar-Novgorodacha ó thuaidh, rud a d'fhág dídean ag Vasiliy le dul ar a theitheadh ó na Tatáraigh nuair a tháinig siadsan a rith damhsa ar fud Mhoscó.

Aontú na Rúise ar na Bacáin[athraigh | edit source]

Le linn na gcathanna sa chúigiú haois déag tháinig deireadh leis na cúigí neamhspleácha, agus an Rúis á haontú faoi choimirce Mhoscó. Nuair a shealbhaigh Ivan a Trí - garmhac do Vasiliy, mac Dmitriy - an chumhacht i Moscó, ní raibh mórán sracaidh fágtha sna cúigí eile, ach amháin i Novgorod. Déanta na fírinne, ní bheadh Novgorod féin in inmhe scaradh ó Mhoscó gan chuidiú ón bPolainn-Liotuáin, agus í ag iompairc le Moscó faoin tseanphoblacht trádála seo. Nuair a thoiligh Novgorod le conradh comhghuaillíochta leis an Liotuáin, chuaigh Ivan a Trí chun cogaidh le pionós a ghearradh do mhuintir Novgorod as an bhfeillbheart, agus ó ba rud é nár tháinig fórsaí Liotuánacha ag chosaint a gcomhghuaillí ar an ionradh, b'éigean do lucht rialtais Novgorod forlámhas a ghéilleadh d'Ivan. I gceann chúpla bliain eile, áfach, d'éirigh na Novgorodaigh amach in éadan Mhoscó, ach ní raibh rath orthu. B'éigean dóibh iad féin a thabhairt suas don namhaid go neamhchoinníollach, agus ansin, sa bhliain 1478, chaill an tseanphoblacht gach a raibh fágtha dá neamhspleáchas. An clog mór féin a mbíodh a chling ag cur gairm scoile ar chomhthionól ionadaíoch na poblachta cathartha, tógadh anuas é lena thabhairt go Moscó mar chreach chogaidh. Rinneadh feoid de thailte Novgorod agus cuireadh tiarnaí ó Mhoscó ina mbun.

Feodachas, Seirfeachas agus Daoirse[athraigh | edit source]

An Rúis a haontaíodh le linn Ivan a Trí a bheith ina phrionsa ar Mhoscó, ba sochaí fheodach í. B'iad síol Rúiric agus na seanuaisle eile de phór Lochlann a chuir tús le forbairt an tseirfeachais sa tír, nó nuair a tháinig siad ansin an chéad uair, bhí sé de nós acu complacht choimhdeachta de shaighdiúirí dá chuid féin a bheith mar chúirt taistil thart timpeall ar gach taoiseach uasal. B'as na complachtaí seo - hirð as Lochlainnis, druzhina as Rúisis - a d'eascair aicme na mboigheárach (boyary), a mb'iad an aicme ab airde céimíochta i sochaí na sean-Rúise amach ó chlanna na seantaoiseach féin. Bhí neamhspleáchas ag baint leis na boigheáraigh nach samhlófá lena macasamhlacha in Iarthar na hEorpa san am céanna, nó siúd is gurb iomaí boigheárach a raibh an chéimíocht aige a bhuí leis an ngaraíocht a rinne sinsear dá chuid don phrionsa fadó, níor vasáilligh ná géillsinigh de chuid an phrionsa a bhí iontu. Uaisle de ghradam ní b'ísle ab eadh iad na dvoiriánaigh agus na svoighizéimtsigh, comh maith leis an aicme a chruthaigh Dmitrí Donscóigh: na fíor-vasáilligh nó na poiméisticí. Leis na Tatáraigh a throid, theastaigh ó Dmitrí aicme de dhaoine a bheith aige a dtiocfadh leis dul ina dtuilleamaí: ní raibh mórán maithe sna gnáthuaisle, ós rud é go raibh siad ábalta feall a dhéanamh air ar mhaithe leis na Tatáraigh, má bhí buntáistí le baint as a leithéid.

Ar ndóighe, bhí scológa ann, nó cé eile a sholáthródh a gcuid bia do na huaisle? Bhí feirmeoirí saora ann freisin, nó "scológa dubha" - scológa de chuid na talún duibhe. Ba leo féin an caorán a bhídís a shaothrú, ach ba ghnách cáin nó cíos bliantúil, nó obrok, a ghearradh orthu a d'íocaidís leis an tiarna talún. Scéal eile ar fad a bhí fíor maidir leis na seirfigh: ní hamháin go n-íocaidís cíos - tyaglo - leis an tiarna talún, ach b'éigean dóibh freisin dualgas oibre, barshchina, a chomhlíonadh go tráthrialta i bpáirceanna an tiarna. Agus Moscó ag teannadh a greime ar an Rúis, ceanglaíodh na scológa den talamh, i gcruth is nach raibh de cheart acu an áit ar rugadh iad a fhágáil ar aon nós. Ós rud é go raibh cíos, cáin agus ceangal ag cur an tsaoil féin ó mhaith ar na scológa, áfach, is iomaí duine acu a thug aghaidh ar na cúlriasca le talamh úr a thabhairt chun míntíreachais, beag beann ar rí nó ruire.

B'annamh a bhí an rogha ann cur fút i gcathair cheart, nó bhí na cathracha sách tana sa tsean-Rúis, agus ní raibh an saol iontu chomh difriúil leis an tuath agus a chreidfeá. Mar shampla, ní raibh an cineál cuallachtaí nó gildeanna - cumainn le haghaidh na gceardaithe is an lucht tráchtála - sa Rúis agus a bhíodh ina lán tíortha in Iarthar na hEorpa.

Bhí sclábhaithe nó daoir sa Rúis, fosta, nó bhí na Rúisigh ag tógáil patrúin leis na Mongólaigh: bhí an daoirse fréamhaithe sách domhain ina gcultúr siúd. De réir a chéile, rinneadh aicme na ndaor agus aicme na seirfeach a ionannú le chéile. Nó ba mhinic a gaireadh daor de dhuine shaor a bhí báite i bhfiacha; agus ó ba rud é nach rabh cuid mhaith de na scológa in ann a gcíos a íoc leis an tiarna talún, thosaigh seisean ag caitheamh leo mar a bheadh daoir den tseandéanamh iontu.

Bhí an-pháirt ag an Eaglais Cheartchreidmheach in atógáil na sochaí is an chultúir, agus réim na Mongólach ag druidim chun deireanais. Go háirithe, bhí eaglaisí á dtógáil agus naomhphictiúir á ndathú, agus Novgorod ina lárionad tábhachtach ealaíontóireachta sa cheathrú haois déag, idir ailtireacht agus dhathadóireacht. Ansin a d'fhoghlaim Andrey Rublyov, an duine ba cháiliúla amuigh de dhathadóirí cráifeacha a linne, - ansin a d'fhoghlaim sé tús a cheirde ón máistir Gréagach úd Theophanes, nó "Feofan Grek", mar a thugadh na Rúisigh air, i ndeireadh na ceathrú haoise déag. (Lenár linn féin, rinne an stiúrthóir cáiliúil Andrey Tarkovskiy scéal beatha Rublyov a scannánú.) De réir a chéile, thosaigh na manaigh ag saothrú litríochta arís, agus iad ag cleachtadh na teanga scríofa a dtugtar an tSean-Slaivis Eaglasta uirthi.

Fuair Ivan a Trí bás sa bhliain 1505, agus tháinig a mhac Vasiliy a Trí i gcomharbacht air. Ós rud é gur banphrionsa Biosáinteach, Zoë Palaiologos, ab ea í a mháthair, agus an Biosáintiam féin léirscriosta ag na Turcaigh sa bhliain 1453, bhí Vasiliy inbharúla gurbh eisean a bhí ina oidhre ceart ar Impire an Bhiosáintiam. Bhí meas an tSáir - meas an Impire - aige air féin, agus scríbhneoirí cúirte dá chuid ag tagairt do Mhoscó mar "an tríú Róimh" (i ndiaidh an chéad Impireacht Rómhánach agus Impireacht an Bhiosáintiam, arbh í leath oirthearach na hImpireachta Rómhánaí í, ar dtús).

Mhair Vasiliy a Trí ag cur troda ar na Tatáraigh agus ag cúngú ar na stáit Rúiseacha eile, an dornán acu a d'fhan neamhspleách ar Mhoscó i gcónaí. Fuair Vasiliy bás sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac, Ivan, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na Tatáraigh dheireanacha.

Iarsmaí an Mhongólachais[athraigh | edit source]

D'fhág na Mongólaigh a rian féin ar chultúr na Rúise ar a lán bealaí. Scar siad an tír leis an Iarthar, agus an Áise ag éirí níos tábhachtaí mar chéile trádála agus iomlaoide. Thairis sin, b'iad na Mongólaigh a thug isteach pionós an bháis sa Rúis, nó ní raibh sé á chleachtadh ag na Rúisigh fad is a d'fhan seandlíthe na Slavach beo ina measc. B'ó na Mongólaigh a d'fhoghlaim na Rúisigh an dóigh le príosúnaigh a chéasadh, fosta.