Muinseac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fíorfhia atá dúchasach don India is oirdheisceart na hÁise. Iomaire V-chruthach timpeall na haghaidhe, agus leanann géaga an V mar cholúin chnámhacha ag gobadh suas. Sna fireannaigh bíonn beanna gearra ar bharra na gcolún. Géaráin starraiceacha ag fireannaigh is baineannaigh. Is cosúil le tafann madra a ghlao.