Mol Ní Mhaoileoin (amhrán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amhrán tíriúil é Mol Ní Mhaoileoin (Béarla: Molly Malone, nó Cockles and Mussles) a bhfuil meas "amhrán náisiúnta Bhaile Átha Cliath" air. Is é is ábhar don amhrán ná scéal spéirbhean a bhí ina mangaire éisc sa chathair agus a fuair bás go hóg.

Stair[athraigh | edit source]

Níl Mol Ní Mhaoileoin bunaithe ar aon phearsa stairiúil. Tháinig an bailéad a ó pheann James Yorkston ó Dhún Éideann timpeall na bliana 1880. Chraol TG4 clár faisnéis, “Scéalta Átha Cliath – Molly Malone”, sa bhliain 2011. Tá formhór na saineolaithe, dar leis an gclár seo, den tuairim gur cumadóireacht is ea scéal Mholly agus bhí trácht ar an amhrán seo san Albain den chéad uair.[1]

An meascán den ghreann is den traigéid atá ann, is é faisean na linne is bun leis, nó bhí amhráin den chineál seo á gcumadh go fairsing san am, faoi thionchar O my darling Clementine.

Béaloideas[athraigh | edit source]

Bíonn scéalta éagsúla ag dul timpeall faoi phearsa Mhol Ní Mhaoileoin, cuid acu ag tabhairt le fios go gcaitheadh sí na laethanta ag díol éisc [2] agus na hoícheanta ag dul le striapachas. De réir scéalta eile, bhí sí ar an mbeagán banmhangairí éisc nach raibh ag cleachtadh meirdreachais mar shlí bheatha breise.

Sa bhliain 1987, tógadh dealbh i Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath le cuimhne a choinneáil ar Mhol Ní Mhaoileoin. Bíonn leasainmneacha leathgháirsiúla ag muintir na háite ar an dealbh, ós rud é go gcuireann sí in iúl go raibh cíocha móra éiritheacha ag Mol. Thairis sin, taispeánann an dealbh Mol ag caitheamh éadaí na seachtú haoise déag, nuair a bhí sé faiseanta ag na mná cuid mhór dá gcíocha a fhágáil ris.

An bailéad agus saol na cathrach[athraigh | edit source]

Tá an sobalscéal Éireannach Fair City ainmnithe as tús an leagain Bhéarla den amhrán seo (In Dublin's fair city...).

Is gnách le lucht tacaíochta Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath, lucht tacaíochta fhoireann rugbaí Chúige Laighean, agus fhoireann rugbaí na hÉireann an t-amhrán a chanadh leis na lúthchleasaithe a spreagadh chun teagmhála.

Liricí as Gaeilge[athraigh | edit source]

I mBaile Átha Cliath
Ní fhaca mé riamh,
Aon chailín níos sciamhaí ná Mol Ní Mhaoileoin,
Ag stiúradh a barra,
Gach áit ins an chathair,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo!
Is iad go breá beo, is iad go breá beo,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo.
Ba mhangaire éisc í,
An cheird di ab éascaí,
Ós amhlaidh dá muintir ó chianta fadó,
Ag stiúradh a mbarra,
Gach áit ins an chathair,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo!
Is iad go breá beo, is iad go breá beo,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo.
Ach mo chreach is mo dhiachair,
Fuair Mol bhocht an fiabhras,
Agus b'in i an chríoch a bhí le Mol Ní Mhaoileoin,
Ach tá taibhse sa chathair,
ag stiúradh a barra,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo!
Is iad go breá beo, is iad go breá beo,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo.


Féach ar[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. dar le Dáithí Ó hÓgáin, clár faisnéis TG4, “Scéalta Átha Cliath” 2011. ‘Daily Mail, 29 D.F. 2011, http://daily-mail.vlex.co.uk/vid/molly-ballad-written-mock-irish-region-329274587
  2. Dar leis an fógráiocht don chlár TG4: “Tá a hainm ar bhéal gach turasóra agus is minic í luaite ag lucht tacaíochta na bhfoirne spóirt ón gcathair – ach an raibh a leithéid de dhuine riamh ann i ndáiríre?”