Micribhitheolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baictéir ag fás ar ghlóthach agair.
Escherichia coli, bachaillíní Gram-dhiúltacha

Is í an mhicribhitheolaíocht an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé leis na miocrorgánaigh, is é sin, neacha beo nach féidir a aithint gan dul i muinín micreascóip. Orgánaigh aoncheallacha iad na miocrorgánaigh de ghnáth, ach tá orgánaigh mhicreascópacha chillchnuasacha freisin. Mar sin, déanann an mhicribhitheolaíocht taighde ar eocaróit áirithe, cosúil le fungais agus prótaistigh, chomh maith le prócaróit ar nós baictéir agus aircéigh. Cé nach neacha beo iad na víris i gciall cheart an fhocail, déanann na micribhitheolaithe taighde orthusan chomh maith.

Brainsí micribhitheolaíochta iad an víreolaíocht, nó an taighde ar na víris, an mhíceolaíocht a bhíonn ag plé le fungais, an tseadeolaíocht a dhéanann taighde ar na seadáin, an bhaictéareolaíocht agus a lán eile. Tugtar micribhitheolaí ar an duine a bhfuil oideachas micribhitheolaíochta aige.

Tá taighde gníomhach idir lámhaibh ag na micribhitheolaithe inniu féin. Creidtear nach bhfuil ach 1 % de mhiocróib an Domhain aitheanta acu inniu féin. Cé gur cuireadh an chéad sonrú sna miocrorgánaigh timpeall ar thrí bliana ó shin, is féidir a rá nach bhfuil an brainse bitheolaíochta seo tagtha i gcrann go fóill, go háirithe i gcomparáid leis an luibheolaíocht nó leis an zó-eolaíocht.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor cuireadh an chéad sonrú sna miocrorgánaigh ach sa 17ú haois, ach mar sin féin, bhí teoiricí agus hipitéisí ag lucht an léinn go bhféadfadh a leithéidí a bheith ann agus iad in ann galair a iompar. 600 bliain roimh bhreith Chríost, scríobh an máinlia Indiach Susruta ina leabhar Susruta Samshita gur chreid sé go raibh neacha beaga beo den chineál seo ann, gurb iad ba chúis lena lán galar, agus go raibh siad in ann taisteal a dhéanamh san aer agus san uisce, nó léim a thógáil ó dhuine go duine trí theagmháil chraicinn. Scríobh an scoláire Rómhánach Marcus Terentius Varro leabhar faoi chúrsaí talmhaíochta, agus ansin, d'áitigh sé ar an ábhar feirmeora nár chóir dó a fheirm a thógáil in aice le portach nó corcach, ó bíonn neacha beaga dofheicthe ag clannú ina leithéidí d'áiteanna agus iad in ann dul ar foluain san aer agus teacht isteach i bpolláirí na sróine nó tríd an mbéal agus galar a tharraingt ort mar sin. Tugann na focail seo le fios go raibh leithéidí Terentius Varro in ann an chonclúid a bhaint as a raibh ar eolas acu go raibh na galair á leathadh ag neacha beo dofheicthe.

Réamh-mhicribitheolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fionnachtain agus Bunús na Micribitheolaíochta.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cineálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tairbhí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]