Seadeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar na horgánaigh (seadáin) a mhaireann ar, is a fhaigheann cothú ó, orgánach beo eile (an t-óstach), agus na himoibrithe eatarthu. Go ginearálta, cuimsíonn na seadáin víris is baictéir, iad siúd atá neamhurchóideach is iad siúd a chuireann tús le galair, ach de ghnáth bíonn an staidéar teorannaithe do phrótasóin (aiméibí is eile), péisteanna, artrapóid a dhéanann dochar do dhaoine trí nimh a dhéanamh, fuil a dhiúl is galair a iompar (mar shampla, corrmhíolta, míoltóga gainimh is míolta), nó maireachtáil ar an gcraiceann agus tochas is galar an tochais a chur air (mar shampla, míolta cartáin).