Micheál Ó Domhnaill
Ceoltóir Éireannach ab ea Micheál Ó Domhnaill (7 Deireadh Fómhair 1952 - 7 Iúil 2006).[1] Rugadh é i gContae na Mí ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhí a athair, Aodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, agus d'fhoghlaim sé go leor de thraidisiún ceoil a shinsear agus é ina ghasúr.
Bhí dúil mhór sa spórt aige i gcónaí agus d'imir sé peil do Chontae na Mí mar mhionúr, ach díbríodh é as a bheith ag imirt rugbaí chomh maith nuair a bhí toirmeasc ar a leithéid. Bronnadh giotár air nuair a bhí sé tinn san ospidéal agus é dhá bhliain déag d'aois agus bhain sé ardscil amach san uirlis sin.
Fuair sé jab mar thaighdeoir sna hseachtóidí, is rinne sé an-chuid taighde ar amhráin dhúchais a mhuintire, go háirithe lena aintín Neilí Ní Dhomhnaill, agus ar amhráin na hAlban agus Shasana.
Thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa Skara Brae (Mícheál Ó Domhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule agus Maighréad Ní Dhomhnaill) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois agus bhí baint aige féin agus ag a dheirfiúracha Tríona agus Maighréad le grúpaí cáiliúla eile ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
Bhí sé ina bhall bunaidh de The Bothy Band i 1974 agus ardcháil air ar son a chuid amhránaíochta agus a chuid ceoil ar an ngiotár.
Chuaigh sé leis an ngrúpa Relativity ar feadh tamaill sna hochtóidí, ach chaith sé seal fada i Portland, Oregon.
Fuair sé bás go tobann i dtimpiste (thit sé sna staighre) ar an 7 Iúil 2006.
Tagairtí [athraigh]
- ↑ Féach ar “An Bothy Boy - in omós do Mhícheál Ó Domhnaill” craolta ar TG4 i rith 2011
Naisc sheachtracha [athraigh]
- Suíomh Mícheál Ó Domhnaill 1951-2006
- "An Bothy Boy - in omós do Mhícheál Ó Domhnaill” TG4 2011"
- "Promanade" le Kevin Burke is Micheál Ó Domhnaill (1978)
- "Tiocfaidh an Samhradh" le Mícheál Ó Domhnaill (1979)
- "Lord Franklin" le Micheál Ó Domhnaill is Kevin Burke (1979)
- "Casadh an tSugain" le Micheál Ó Domhnaill is The Bothy Band (1979)