Mearbhia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaMearbhia
Sonraí
Cineálmias agus bia daonna
Príomh-chomhábhairbia saoráideach
Bialann mhearbhia de chuid na sreinge gnó idirnáisiúnta úd McDonald's

Is éard is mearbhia, greim gastabia gasta ann ná an cineál bia a bhíonn le fáil ó shreangbhialanna ar nós McDonald's. Go bunúsach, bia is ea é a ghléastar agus a riartar go sciobtha, de réir modhanna oibre tionsclaíocha a chuirfeadh crios iompair i gcuimhne duit. Gnó mór millteanach idirnáisiúnta is ea an mearbhia agus borradh mór air ina lán tíortha. Bíonn sé compordach mearbhia a ithe, ach ón taobh eile de, bítear á lochtú, toisc nach bhfuil ann ach bia bonnacháin gan scamhard ceart folláin, dar lena lán.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síleann na daoine gur coincheap nua is ea bialann mearbhia nó an scroidchuntar, ach dealraíonn sé go bhfuil an mearbhia chomh sean leis an gcathair féin. Bhíodh scroidchuntair na sean-Róimhe ag díol aráin agus ológ. I gcathracha an Chian-Oirthir inniu, bíonn núdail á ndíol ar an mbealach céanna. Bíonn falafel agus arán gan ghiosta ar fáil ó scroidchuntair an Mheán-Oirthir.

stair an mhearbhia nua-aimseartha fite fuaite le stair an mhartbhorgaire, arbh é príomhtháirge na scroidchuntar is moiche é. Creidtear go coitianta gurbh é an comhlacht Meiriceánach úd White Castle a chuir tús leis an chéad scroidchuntar riamh, thiar sa bhliain 1921, agus é ag díol martbhorgairí ar chúig cent an ceann. Bhí rath agus bláth ar an ngnó seo ón tús, agus tháinig an iomaíocht ag an rathúnas, ar ndóigh.

McDonald's, Chicago

Is é McDonald's an comhlacht is mó a shamhlaímid inniu leis an mearbhia, ach, le fírinne, níor tháinig an chéad scroidchuntar de chuid an chomhlachta sin ar an bhfód roimh an mbliain 1948. Ba ansin a hosclaíodh an chéad scroidchuntar i San Diego a bhí ag díol ispíní teo faoi bhranda McDonald's.

Siúd is go síltear go coitianta gurbh é Ray Kroc a bhunaigh an gnó, ní raibh sé sáite ann go fóill. Bhí sé ag díol meaisíní creathán bainne a bhí á n-úsáid go coitianta ag an chéad scroidcheantar de chuid McDonald's. Sa bhliain 1954, chuaigh Kroc agus úinéirí an chéad scroidchuntar le chéile, agus chrom Kroc ar an sainghnó seo a fhorbairt is a fhairsingiú. Ar an 14 Aibreán 1955 d'oscail an chéad McDonald i gCalifornia

Creidtear gurb é an comhlacht úd Wendy's a chuir tús le "fuinneog na mótar" a cheadaíonn do na tiománaithe mearbhia a cheannach gan a gcuid carranna a pháirceáil ná a fhágáil.

Cén fáth a dtugtar MEARbhia air?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lafleur, 16 Feabhra 2005

"Béilín amach" is mó a bhíonn ar fáil ó na scroidchuntair, is é sin, is féidir leis na custaiméirí bualadh isteach lena gcuid bia a cheannach, nó é a cheannach trí fhuinneog na mótar gan an gluaisteán a fhágáil. Mar sin féin, bíonn bialann éigin i gceist le cuid mhór de na scroidchuntair, is é sin, go bhfuil suíocháin agus boird ann leis an mbéile a chaitheamh in aice le háit an díolacháin. An chuid is mó den mhearbhia, is féidir é a ithe gan dul i muinín an sceanra. Is iad na cineálacha coitianta mearbhia ná iasc le sceallóga prátaí, ceapairí, arán pitta, martbhorgaire, sicín friochta, prátaí friochta, cnapanna sicín, tacónna, píotsa agus uachtar reoite, siúd is go bhfuil cúrsaí níos "maille" ar fáil ó chuid mhaith mearbhialanna chomh maith, ar nós cilí, brúitín prátaí, nó cineálacha éagsúla sailéid.

Cé go mbíonn bia Síneach den chineál is coitianta san Iarthar á sholáthar mar bhéilín amach, ní dhearctar air mar mhearbhia i gciall cheart an fhocail.

Gléasadh an Mhearbhia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách an mearbhia a ghléasadh is a chócaráil i bpróiseas tionsclaithe leis an gcostas a íosmhéidiú. Mar sin, déantar an mearbhia as comhábhair chaighdeánaithe de réir oideas réamhshocraithe, agus cuirtear ar fáil é i gcartáin úrchoinneála agus i málaí plaisteacha.

Gnó an Mhearbhia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caiteachas na dTomhaltóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Checkers, Memphis TN, 2013

Sna Stáit Aontaithe féin, chaith na tomhaltóirí thart ar céad is deich míle milliún dollar ($110,000,000,000) ar an mearbhia sa bhliain 2000. Cuir seo i gcomparáid leis an gcaiteachas céanna sa bhliain 1970, nár sháraigh sé mhíle milliún dollar ($6,000,000,000). Is é prognóis Chumann Náisiúnta na mBialann sna Stáit go sroichfidh an figiúr seo céad ceathracha trí mhíle milliún dollar ($143,000,000,000) sa bhliain 2006, arb ionann é sin agus ardú cúig faoin gcéad ón mbliain 2005. Ar mhaithe leis an gcomparáid, creidtear go dtáirgfidh na bialanna lánseirbhíse céad seachtó trí mhíle milliún dollar díolacháin san am céanna. Le déanaí, tá na scroidchuntair ag cailleadh an fhóid do na mearphroinntithe, is é sin, tithe itheacháin a bhfuil cuid áirithe d'atmaisféar an phroinntigh ghalánta ag dul leo, agus a bhfuil bia níos fearr le fáil iontu, ná an gnáth-mhearbhia, siúd is go bhfuil an tseirbhís íosmhéidithe ar nós na scroidchuntar.

Sna Stáit, is minic a dhéanann bialanna den chineál seo speisialtóireacht ar bhia eitneach ar leith, cosúil le bia Meicsiceánach, ar nós na sreangbhialann Chipotle Mexican GrillQdoba Mexican Grill, nó bia Síneach, ar nós Pei Wei Asian Diner.

McDonald's[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an comhlacht McDonald's an comhlacht mearbhia is mó agus is fairsinge ar fud an domhain. D'oscail McDonald's an chéad bhialann sa bhliain 1955 - is é sin, an chéad cheann a bhí saincheadúnaithe mar "McDonald's". B'é Ray Kroc, a cheannaigh an gnólacht óna sheanúinéirí, deartháireacha Mhic Dhomhnaill, agus b'eisean a bhí ar tús cadhnaíochta ag tabhairt isteach cuid mhór de na modhanna oibre a shamhlaítear le gnó an mhearbhia inniu, ar nós chaighdeánú na gcomhábhar, na gcúrsaí bia agus na n-oideas. San am céanna, chuir sé béim ar leith ar íosmhéidiú an chostais, agus sa deireadh, bhain sé úsáid as cumhacht na corparáide le praghsanna na gcomhábhar a choinneáil thíos, a fhad is a bhítí á ndíol le McDonald's.

Sreangshiopaí Idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stailc, St. Paul, Minnesota, 2016

Cé nach aireagán nua é an mearbhia ar aon nós, is as na Stáit Aontaithe a tháinig scroidchuntair an lae inniu, agus is gnách leis na daoine dearcadh ar an mearbhia mar rud Meiriceánach. Mar sin, is minic a chaitear anuas ar na sreangshiopaí mearbhia mar thruailliú cultúrtha ó Mheiriceá nó mar impiriúlachas, agus nuair a bhíonn na hagóidí in éadan an domhandais faoi lán an tseoil, is minic a thugann na hagóideoirí ruathar faoi bhialanna de chuid na sreanganna idirnáisiúnta mearbhia, cosúil le McDonald's.

Le teacht in araicis na n-agóideoirí, bíonn cuid de na sreangshiopaí ag cur táirgí áitiúla ar fáil in áiteanna a shásódh toil agus toighis an phobail agus nach mbeadh ag teacht salach ar thraidisiún áitiúil na cócaireachta. Níor chuir na hiarrachtaí seo na clamhsánaithe ina dtost, áfach.

Fairsing is uile mar a bhíonn na sreangshiopaí idirnáisiúnta, níor éirigh leo mearbhia na gcomhlachtaí dúchasacha a chur as margadh. Tháinig sreanganna áitiúla, réigiúnda nó náisiúnta (ar nós Hesburger san Fhionlainn nó Supermac's in Éirinn, cuir i gcás) ar an bhfód agus d'éirigh le cuid acu an fód a sheasamh go maith. Maidir leis na tíortha tearcfhorbartha, is iad na scroidchuntair dhúchasacha agus tithe itheacháin an phobail a chuireann an chuid is mó den mhearbhia ar fáil ansin. I dtíortha den chineál sin, bíonn blas na galántachta ag roinnt le sreangshiopaí idirnáisiúnta ar nós McDonald's, ós rud é go mbíonn siad níos daoire agus níos glaine ná na tithe dúchasacha itheacháin.

Mearbhia sa Ríocht Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Burger Bar, Commercial Street, Londain

Tháinig an mearbhia go dtí an Ríocht Aontaithe go gairid i ndiaidh a chéad chaithréime sna Stáit, agus is féidir a rá go bhfuil an gnó chomh seanbhunaithe ansin anois agus atá sé i Meiriceá féin. Agus an méid sin ráite, tá blas áitiúil ar an ngnó i gcónaí, agus na daoine ag roghnú iasc agus prátaí friochta thar an martbhorgaire. Ag druidim le deireadh na fichiú haoise, tháinig na bialanna saindúchais sna sála, cosúil leis na bialanna Síneacha, Indiacha, agus Iodálacha, agus béilíní amach le ceannach uathu.

Mearbhia in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na sreangshiopaí idirnáisiúnta ar nós McDonald's i ndiaidh fódú maith a dhéanamh in Éirinn chomh maith leis an gcuid eile d'Iarthar na hEorpa, ach is é Supermac's an tsreang náisiúnta. Ba é Pádraig Mac Donncha, iar-mhúinteoir scoile, a bhunaigh an chéad bhialann i mBéal Átha na Sluaighe sa bhliain 1978. Inniu, tá breis agus leathchéad bialann nó scroidchuntar ag an gcomhlacht ar fud na hÉireann.

An Mearbhia mar Scamhard[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uireasa cothaithe sa domhan, WHO, 2002

Agus an dóigh a ngléastar an mearbhia, bíonn an-locht á fháil air ar chúiseanna sláinte agus folúntais. Má fhriochtar bia domhainreoite i saill nach bhfuil hidriginithe go maith, súfaidh sé isteach aigéid shailleacha transacha, a dhéanann dochar don chroí agus d'imshruthú na fola. Bíonn an mearbhia an-saibhir i gcarbaihiodráití, leis, ós rud é go bhfuil siúcra sna deochanna boga agus stáirse sna prátaí.

Sa bhliain 2004, chinn an scannánaí faisnéise Morgan Spurlock ar mhífhollántas an mhearbhia a chur sna súile ar na daoine, agus ar feadh míosa, ní itheadh sé ach bia de chuid McDonald's. San am céanna, staon sé ó gach cineál aclaíochta nó callaistéinice. I ndiaidh na míosa, bhí sé ramhraithe as aithne, agus an crua-ae ag teip air. Thóg sé roinnt mhíonna air an bhreis saille a chroitheadh de arís agus a shláinte a fháil ar ais. Ar an triail seo a bhunaigh sé an scannán faisnéise SuperSize Me. I ndiaidh an scannáin, rinne McDonald's iarrachtaí áirithe leis an mbiachlár a thabhairt chun feabhais ó thaobh na sláintiúlachta agus an fholúntais de. Mar sin féin, ní moladh amháin a fuair Spurlock ó na léirmheastóirí. Bhí criticeoirí áirithe den bharúil gur chuir sé an iomarca béime ar an mearbhia agus nach ndearna sé mórán tráchta ar an easpa aclaíochta mar chúis le drochshláinte na Meiriceánach, cé gur cuid dá thriail féin ab ea staonadh ón aclaíocht.

Athruithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leis na blianta beaga anuas, bíonn na sreanganna mearbhia á lochtú go fairsing ag lucht cosanta an chomhshaoil, ag brúghrúpaí na dtomhaltóirí, agus ag gluaiseachtaí eile den chineál sin. Tháinig, fiú, gluaiseacht an mhallbhia (slow food) ar an bhfód leis na luachanna a chosaint a chreidtear a bheith i ndainséar agus an dóigh a bhfuil an mearbhia ag dul i bhfairsinge. Tá an ghluaiseacht ag iarraidh na scileanna traidisiúnta cócaireachta a chosaint agus ag cur troda ar na nósanna agus na dlíthe a bhíonn ag fabhrú don mhearbhia. Thairis sin, bíonn an ghluaiseacht ag scaipeadh oideachais agus tuisceana i measc na dtomhaltóirí i dtaobh bia maith folláin.

Cuid de na sreangshiopaí, tá siad ag géilleadh do na héilimh seo, agus iad ag tairiscint bia níos folláine anois, ar nós na sailéad agus na dtorthaí úra. Ní bhíonn na cosantóirí comhshaoil róshásta leis na hathruithe seo, nó is é a ngnáth-thuairim siúd nach bhfuil ann ach sop in áit na scuaibe. Tá sé fógartha ag McDonald's go mbeidh bileog eolais faoi luach scamhardúil an chúrsa ag dul le gach táirge de dhéantús na corparáide ón mbliain 2006 ar aghaidh.

Tarraingt an Tomhaltóra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beag beann ar an lochtú, bíonn na tomhaltóirí ag tarraingt ina dtonnta ar na scroidchuntair i gcónaí. Is é is cúis leis seo ná go mbíonn an mearbhia réasúnta saor, agus é ag spáráil obair na cócaireachta ar an tomhaltóir. Thairis sin, an duine nach bhfuil eolach ar áiteanna an bhia mhaith, agus é ar an gcoigríoch nó in áit choimhthíoch eile, is ábhar faoisimh dó áit itheacháin a bheith ann a bhfuil aithne aige ar a leithéidí eile, agus é in ann bheith i dtuilleamaí an chineál bia atá ar fáil ansin.

Lochtú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn sé compordach mearbhia a ithe, ach mar sin féin, bítear á lochtú. Seo na lochtanna is mó agus is minicí a fhaightear air:

  • Tá sé mífholláin mar bhia. Na daoine a itheann go tráthrialta i mbialanna mearbhia, is baol dóibh dul chun murtaill.
  • Baineann na sreanganna mearbhia úsáid as cleasanna margaíochta a chuireann draíocht ar na páistí, agus iad ag foghlaim drochnósanna itheacháin a dhéanfaidh dochar dá sláinte.
  • An dóigh a mbítear ag pacáistiú agus ag athphacáistiú an bhia le haghaidh na húsáide seo, luíonn sé go trom ar an dúlra, agus na hacmhainní nádúrtha is na hamhábhair á spíonadh go héadromchroíoch.
  • Dealbhaíonn sé na traidisiúin áitiúla chócaireachta agus cuireann sé scéim chaighdeánaithe osnáisiúnta ina n-áit.
  • Tá gnó an mhearbhia bunaithe ar shaincheadúnú, is é sin, is gnó mórscála é, agus é ag ruaigeadh na ngnóthas beag as an margadh.