Brúitín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaBrúitín
Bunús
Tír dhúchaisSasana
Gastranómachaiscál ceannann agus croquette (en) Aistrigh
Sonraí
Cineálbrachán agus mias phrátaí
Príomh-chomhábhairpráta, im agus bainne
Brúitín maisithe, Schynige Platte.
Brúiteoir prátaí

Is éard atá i gceist le brúitínprátaí brúite. Baintear an craiceann de na prátaí agus bruitear iad go dtí go mbíonn siad bog. Is féidir na prátaí a bhrú de lámh le brúiteoir prátaí nó iad a chaitheamh isteach i muileann bia, gléas a chlamhraíonn na prátaí. Castar murlán an chromáin timpeall chun na prátaí a bhrú trí na poill i dtonnadóir an mhuilinn. Nuair a bhíonn na prátaí uile briste agus brúite gan cnapáin iontu, is féidir iad a dháileadh le n-ithe. Go minic cuirtear im, bainne agus rudaí eile sna prátaí chun blas níos fearr a thabhairt dóibh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]