Maoildearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann duillsilteach de dhúchas oirthearach, ach saothraithe in áiteanna eile le fada. Na duilleoga croíchruthach fiaclach. Na bláthanna fireanna is baineanna ar spící difriúla, cosúil le caitíní. Comhtháthaíonn na torthaí súmhara ar leith ionas go ndéanann an spíce iomlán an chaor. Bíonn torthaí corcra ag an maoildearg dhubh. Is bia don seiriceán duilleoga na maoildeirge báine.