Móin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Móin

Is éard is móin ann ná carnadh fásra nó ábhar orgánach dreoite a fhaightear i limistéir nádúrtha ar a dtugtar portach (nó go leor ainmneacha eile i nGaeilge, m.sh. criathrach, corrach, móinteán, nó caorán). Clúdaíonn éiceachóras na dtailte móna 3.7 milliún ciliméadar cearnach[1] agus is é an linn charbóin is éifeachtaí ar domhan,[2][3] toisc go ngabhann plandaí sna tailte móna dé-ocsaíd charbóin (CO2) a scaoiltear go nádúrtha ón móin, sa gcaoi go bhfanann sé i staid cothromaíochta. I dtailte móna nádúrtha, tá an ráta bliantúil de tháirgeadh bithmhaise níos mó ná an ráta dianscaoilte, ach tógann sé na mílte bliain do thailte móna na taiscí 1.5–2.3m a fhorbairt, is é sin meándoimhneacht na dtailte portaigh tuaisceartacha,[2] a stórálann thart ar 415 gigeatonna (Gt) carbóin (thart ar 46 uair níos mó ná astaíochtaí domhanda CO2 in 2019).[1] Ar fud an domhain, stórálann an mhóin suas le 550 Gt carbóin, méid a sháraíonn an carbón atá stóráilte i ngach cineál fásra eile, foraoisí an domhain san áireamh, cé nach gclúdaíonn sí ach 3% de dhromchla na talún.[4][5]súsán, ar a dtugtar caonach móna freisin, ar cheann de na comhpháirteanna is coitianta sa móin, cé go bhfeictear go leor plandaí eile inti freisin. Tugtar histeasal ar aon ithir atá déanta go príomha de mhóin. Cruthaíonn móin i dtalamh bogaigh, áit a gcuireann tuilte nó uisce marbhánta bac ar shreabhadh ocsaigine ón atmaisféar, rud a chuireann moill ar an ráta dianscaoilte.[6]

Toisc go gcarnann ábhar orgánach thar na mílte bliain, tugann an mhóin léargas fadtéarmach ar fhásra agus ar an aeráid trí iarsmaí plandaí, mar shampla pailin, a chaomhnú. Leis seo, is féidir an timpeallacht san am a chuaigh thart a athchruthú, agus staidéar a dhéanamh ar athruithe in úsáid talún.[7]

Baint móna i gCarna, Co. na Gaillimhe

Úsáidtear móin sa ghairneoireacht uaireanta,[8] ach tá cosc uirthi in áiteanna áirithe anois.[9] De réir toirte, tá thart ar 4 trilliún méadar ciúbach de mhóin ar domhan.[10] Le himeacht ama, is minic gurb é foirmiú na móna an chéad chéim i bhfoirmiú breoslaí iontaiseacha ar nós guail, go háirithe gual de ghrád íseal, mar shampla lignít.[11]

Ní foinse fuinnimh in-athnuaite í an mhóin, toisc go mbaintear í i bhfad níos tapúla ná an ráta mall athfháis (1mm in aghaidh na bliana).[12] Chomh maith leis sin, tuairiscítear nach dtarlaíonn athfhás móna ach i 30–40% de thailte móna.[13] Leis na céadta bliain anuas, tá go leor CO2 scaoilte isteach san atmaisféar trí mhóin a dhó agus portaigh a dhraenáil,[14] agus tá athchóiriú tailte móna ag teastáil chun athrú aeráide a mhaolú.[15]

In Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I bPoblacht na hÉireann, is é Bord na Móna, cuideachta faoi úinéireacht an stáit, a bhí freagrach as baint móna a bhainistiú. Rinne sé móin mheilte den mhóin a baineadh lena húsáid i stáisiúin chumhachta, agus dhíol sé breosla móna próiseáilte i bhfoirm brícíní a úsáideann daoine chun a dteach a théamh.

I mí Eanáir 2021, d’fhógair Bord na Móna go gcuirfeadh sé deireadh le baint na móna go huile is go hiomlán, agus go ndíreodh sé ar chúrsaí gnó a rachadh i ngleic le hathrú aeráide.[16]

I 2022 cuireadh cosc ar mhóin a dhíol lena dó, cé go bhfuil cead ag daoine áirithe í a ghearradh agus a dhó fós.[17]

Téarmaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an móin i gceantair Ghaeltachta, tá go leor téarmaí Gaeilge ann:

  • Athmhóin: móin ó anuraidh[18]
  • Bachta: gearradh i bportach san áit a mbaintear móin[19]
  • Bálta: fód móna[20]
  • Bogach: talamh bog[21]
  • Bráid phortaigh: áit ghróigthe
  • Bratphortach: portach mór leathan
  • Caonach móna: súsán (géineas Sphagnum)
  • Caorán: fód móna crua, nó portach[22]
  • Clochmhóin: móin chrua dhubh[23]
  • Cnuchairt: móin a ghearradh[24]
  • Corrach: portach fliuch
  • Criathrach: portach
  • Cuisleán: stráice bog glas i bportach[25]
  • Dartán: fód beag móna
  • Domasach: ithir mhóinteach
  • Fachlach: dromchla scoilte ar phortach tirim
  • Fáslach: urlár bachta i bportach[26]
  • Feoil chapaill: ábhar ribeach a fhaightear i bportach (Dinneen)
  • Fionnmhóin: móin éadrom in uachtar
  • Fód: lán sleáin de mhóin
  • Formhóin: móin ó anuraidh
  • Gróigeán: cruach bheag móna gróigthe
  • Gróigeadh
  • Lagphortach: urlár bachta i bportach
  • Móinín: scead talún fhéaraigh
  • Móinteán: talamh móna[27]
  • Oitir: banc portaigh, fáslach
  • Ruaiteach: portach garbh
  • Scileach: móin bhriosc dhubh
  • Scraith: fód móna
  • Sleán: spád a úsáidtear chun móin a bhaint
  • Sprémhóin: móin bhocht ó anuraidh

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-GB). BBC News.
  2. 2.0 2.1 Hugron, Sandrine; Bussières, Julie; Rochefort, Line (2013). Tree plantations within the context of ecological restoration of peatlands: practical guide (PDF) (Tuairisc). Laval, Québec, Canada: Peatland Ecology Research Group (PERG). Arna gcartlann ó an bunleagan (PDF) ar 16 October 2017. Aisghafa 22 February 2014.
  3. Peatlands and climate change” (en). IUCN (2017-11-06). Dáta rochtana: 2019-08-16.
  4. Peatlands and climate change”. IUCN (November 6, 2017).
  5. Climate change and deforestation threaten world's largest tropical peatland”. Carbon Brief (January 25, 2018).
  6. Keddy, P.A. 2010. Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, Cambridge, UK. 497 p. Chapter 1.
  7. Keddy, P.A. 2010. Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, Cambridge. 497 pp. 323–25
  8. A growing concern: peat is bad for the planet – and for plants” (en). The Guardian (2021-06-06). Dáta rochtana: 2021-06-06.
  9. Bek. “Peat compost to be banned – luckily, green alternatives are just as good for your garden” (en). The Conversation. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  10. World Energy Council (2007). “Survey of Energy Resources 2007”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-10. Dáta rochtana: 2008-08-11.
  11. Is coal still being formed today?”. Australian Broadcasting Corporation (18 February 2013). Dáta rochtana: 25 October 2015.
  12. Keddy, P.A. 2010. Wetland Ecology: Principles and Conservation (2nd edition). Cambridge University Press, UK. Cambridge. 497 p. Chapter 7.
  13. Aspects of treating peat as renewable or non-renewable natural resource”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-01-21. Dáta rochtana: 2012-09-09.
  14. The History of Domestic Peat Fuel Exploitation in Relation to Carbon & Climate Change” (en). UKEconet-Wildtrack Publishing. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  15. How scientists are restoring boreal peatlands to help keep carbon in the ground” (en). World Economic Forum. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  16. "Bord na Móna confirms it has ended peat harvesting for good". Independent (14 Eanáir 2021). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  17. Dublin. “A burning issue for Ireland as the sale of peat is outlawed” (en-US). The Sunday Post. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  18. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: athmhóin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  19. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: bachta” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  20. “bálta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-12.
  21. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: bogach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  22. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: caorán” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  23. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): clochmhóin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  24. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: cnuchairt” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  25. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cuisleán” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  26. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: fáslach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.
  27. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: móinteán” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-12.