Alcyonium digitatum

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Méara mara)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAlcyonium digitatum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamCnidaria
AicmeAnthozoa
OrdAlcyonacea
FineAlcyoniidae
GéineasAlcyonium
SpeiceasAlcyonium digitatum Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Tugtar Alcyonium digitatum (Gaeilge: na méara maraan chíoch charraige)[1] ar choiréal bog a dhéanann coilíneachtaí ingearacha géagacha suas le 20 cm ar airde. Polaipí neadaithe i gcorp atá lán de spící caola cailcreacha (spícíní). Agus na polaipí tarraingthe siar, bíonn géaga na coilíneachta cosúil le méara daonna.[2]

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an gcíoch charraige ina leabhar Cladaí Chonamara mar seo:

"Ní mór nach é déanamh do mhéire atá ar an gcíoch charraige, ramhar ag a bhun agus ag caolú go barr, agus mura ndearctá an-ghrinn air cheapfá nach mbeadh mothú ná beo ar bith ann. Ach mo léan, is é atá beo bíogúil. Dearc air nuair a bheas sé clúdaithe ag an lán mara agus feicfidh tú é ag corraí go haclaí agus na heiteoga beaga atá ag fáinniú an bhéil ag luascadh anonn agus anall ag sá amach agus ag slogadh isteach go tapa ag iarraidh breith ar na héisc bheaga bhídeacha agus iad a shlogadh... Fásann siad fairsing ar chladaí fiáine idir leath-thrá agus díthrá. Is iondúil gur dath dearg agus buídhearg a bhíonn orthu. Níl aon úsáid le baint astu. Níl aon mhaith le n-ithe ná le haghaidh baoití leo; rudaí neamhthairbheacha iad."[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Alcyonium digitatum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Méara mara". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 445.
  3. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.