Coiréal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polaip nó hiodra, maisiúil de ghnáth, a fhaightear i gcoilíneachtaí i bhfarraigí éadoimhne teo. Táirgeann cuid mhaith díobh creatlach seachtrach cailcreach a dhéanann sceireacha coiréil. Bíonn an pas polaipe dá thimthriall beatha ceannasach, le han-chuid cineálacha ar leith. Go minic, bíonn an meidiúsa beag trédhearcach.