Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid (a fuair bás 27 Samhain 862) ina Ard-Rí ar Éirinn sa naoú céad. Tugann Annála Uladh le fios gurbh é Máel Sechnaill rí hÉrenn uile, nuair a tuairiscíodh a bhás. Déanann an seanteideal seo idirdhealú idir Máel Sechnaill agus ríthe eile as Teamhair ar a dtugtaí 'Ard-Ríthe na hÉireann' i bhfoinsí déanacha, a leithéidí agus Annála na gCeithre Máistrí nó Foras Feasa ar Éirinn.