Lus na meall Muire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus na meall Muire
Malva sylvestris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deMalvae sylvestris flos (en) Aistrigh agus mallow leaves (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdMalvales
FineMalvaceae
TreibhMalveae
GéineasMalva
SpeiceasMalva sylvestris Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Luibh bhliantúil nó ilbhliantúil ó réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh is ea lus na meall Muire[1] (nó hocas). Na duilleoga roinnte i maotháin bhosacha. Na bláthanna le heipeacailís, cailís agus 5 pheiteal croíchruthach nó le heang dhomhain iontu, ar dhath an róis, corcra nó bán, go minic le féitheacha dorcha. Cuid mhaith staimíní ceangailte i gcolún lárnach. Fáinne leata teascán aon síol an toradh, cosúil le cáiseanna beaga. Gaolmhar le cadás agus hibisceas, ar cosúil le chéile a mbláthanna.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Malva sylvestris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Hocas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.