Lus na gloine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus na gloine
Salicornia europaea Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deplanda inite Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineAmaranthaceae
TreibhSalicornieae
GéineasSalicornia
SpeiceasSalicornia europaea Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is luibh bhliantúil a fhásann ar feadh cóstaí agus i riasca goirte beagnach gach áit ar Domhan é lus na gloine (Salicornia europaea).[1] Cuma mionchactais gan spíonta ar na gais mhéithe altacha gan duilleoga, na bláthanna tumtha sna gais. Tugtar cabáiste aille riascach air freisin. Dhóití é tráth chun sóid a sholáthar i gcomhair déanamh gloine. Phiclítí agus piclítear fós é le n-ithe mar ghlasra.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Salicornia europaea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lus na gloine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 425.