Lu Xun
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Lu Xun (鲁迅 / 魯迅) | |
| Lu Xun i 1930 | |
| Dáta breithe | 25 Meán Fómhair, 1881 |
| Shaoxing, an tSín | |
| Dáta báis | 19 Deireadh Fómhair, 1936 |
| Shanghai, an tSín | |
| Náisiúntacht | Síneach |
| Gairm | Úrscéalaí, gearrscéalaí, file, intleachtóir |
Bhí Lu Xun ar na scríbhneoirí Síneacha ba tábhachtaí sa 20ú haois. Rugadh ar an 25 Meán Fómhair 1881 in Shaoxing sa tSín é agus fuair sé bás ar an 19 Deireadh Fómhair 1936 in Shanghai. Bhí sé ina bhall de Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus de ghluaiseacht le haghaidh chaint na ndaoine Baihua leis na seánraí agus an stíl liteartha a leasú. Bunaitheoir litríocht nua-aimseartha na Síne ba é é.
An tAinm [athraigh]
Ainm cleite é Lu Xun (i gcló Síneach simplithe: 鲁迅; i gcló Síneach traidisiúnta: 魯迅; i bPinyin: Lǔ Xùn, i dtrascríobh Wade-Giles: Lu Hsün).
Rugadh é mar Zhou Zhangshou, ach thug sé Zhou Shuren air féin ar ball (i gcló Síneach simplithe: 周树人; i gcló Síneach traidisiúnta: 周樹人; i bPinyin: Zhōu Shùrén; i dtrascríobh Wade-Giles: Chou Shu-jen).
A Thábhacht Liteartha [athraigh]
Scríobh Lu Xun i gcaint na ndaoine Baihua, in áit an teanga scríofa Wenyan. Ach rinne scríbhneoirí roimhe cheana é, m. sh. Huang Zunxian: „Scríobhann mo láimh mar a labhraíonn mo bhéal“. Ach bhunaigh Lu Xun litríocht Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus d'éirigh a litríocht amach in aghaidh na dtraidisiún Confúicach scothroghnach. In ainneoin thurnamh ríshliocht Qing sa réabhlóid i 1911 (réabhlóid Xinhai) agus forógra Phoblacht na Síne, mhair na seanstruchtúirí Confúiceacha feodacha fós. Ba í an eitic Chonfúiceach (agus an teanga scríofa chlasaiceach Wenyan chomh maith) meán na seantuairimi agus na seanbharrshamhaileacha. Mar sin chuir a ghearrscéal An Dialann Geailt i gcoinne an tseanchórais luachanna agus nocht sé an eitic fíoraosta mar "daoniteach" go siombalach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.