Lola Pagnani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aisteoir Iodálach is ea Lola Pagnani. Rugadh ar an 3 Aibreán, 1972 í.

Saol[athraigh | edit source]

Tugadh an t-ainm Anna Lola Pagnani Stavros di ag am a breithe. Is iníon Enzo Pagnani, an scriptscríbhneoir scannán, í. Bhain sí céim amach i bPáras sa damhsa comhaimseartha agus í 17 mbliana d'aois. Bhí sí ina damhsóir do Momix ag an Turas Domhain, agus chomhoibrigh sí le cóiréagrafaíocht Cirque du Soleil i Montréal. Ba príomhdhamhsóir í ag an an Áras Ceoldrámaíochta i Munich faoi stiúrthóireacht Lina Wertmuller, agus Giuseppe Sinopoli an stiúrthóir ceolta. Níos déanaí, ba chéimí í i ndamhsa comhaimseartha ag Alvin Ailey American Dance Theater i Nua-Eabhrac. Rinne sí staidéir ar aisteoireacht ag an HB Studio, i Nua-Eabhrac freisin, sula ndeachaigh sí ar ais go dtí an Iodáil.

San Iodáil d'oibrigh sí le dhaoine iomráiteacha na dtionscadal scannán agus téatar, mar shampla Ettore Scola, Giulio Base, Lina Wertmuller, Spike Lee, John Turturro, agus Abel Ferrara. Thacaigh sí le Lavazza le Tullio Solenghi agus Riccardo Garrone agus chaith sí dhá bhliain ag obair ar an seó cainte Maurizio Costanzo. Tugadh cuireadh di obair le Enrico Montesano, Marco Columbro, Barbara De Rossi, Blas Roca Rey, Enrico Brignano, Nino Manfredi, Vittorio Gassman agus Shelley Winters, a chabraigh léí chun staidéir a dhéanamh go príobháideach i Los Angeles.

Chomhoibrigh sí freisin le Rai International i Nua-Eabhrac ar cúpla chlár agus bhí sí ina h'óstach do PoP Italia. D'oibrigh sí don iris Associazione Via Condotti.

Go déanaí, shocraigh sí chun clár faisnéise a dhéanamh le stiúrthóir agus léiritheoir Meiriceánach Melissa Balin, os rud é gurbh íospartach í den Mhaifia. Women Seeking Justice (Mná ag Cuardú Cirt) is ainm don tionscadal agus áireofar scéil míchirt domhanda.

Béarla, Fraincis, Spáinnis, agus Iodáilis flúirseach aici.

Saothair[athraigh | edit source]

Scannáin[athraigh | edit source]

Teilifís[athraigh | edit source]

Dráma[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]