Leonardo Fibonacci

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leonardo Fibonacci

Matamaiticeoir a rugadh i bPisa na hIodáile ab ea Leonardo Fibonacci (Leonardo Pisano, c 1170 – c 1250), an matamaiticeoir meánaoiseach is cáiliúla dá raibh ann. Chuir sé an córas deachúil chun cinn, agus d'fhorbair an uimhirtheoiric go mór. Tháinig sé ar sheicheamh Fibonacci, na slánuimhreacha ina bhfuil gach uimhir cothrom le suim an dá uimhir roimpi (0, 1, 1, 2, 3, 5, 8, 13…).