Leonard Peltier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLeonard Peltier

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Meán Fómhair 1944
79 bliana d'aois
Grand Forks, North Dakota Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreGluaiseacht neamhpleáchais agus dúnmharú polaitiúil
Gairmgníomhaí polaitiúil, príosúnach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0671315 Musicbrainz: 1bc102ce-1edf-4599-bff5-825cf3a3e9e0 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaí Bundúchasach Meiriceánach é Leonard Peltier (rugadh 12 Meán Fómhair 1944) agus ball iomráiteach den ghrúpa AIM (American Indian Movement) sna 1970idí. Ciontaíodh é, tar éis trialach conspóidí, as cabhrú le dúnmharú agus tá sé i bpríosún ó 1977 i leith. Gearradh dhá théarma príosúnachta saoil as a chéile air as páirt a ghlacadh i dtroid gunnaí ar Thearmann Pine Ridge in Dakota Theas ar 26 Meitheamh 1975. Fuair beirt gníomhairí de chuid an FBI bás san eachtra.[1][2][3]

Ina chuimhní cinn Prison Writings: My Life Is My Sun Dance, a foilsíodh sa bhliain 1999, d'admhaigh Peltier gur ghlac sé páirt sa troid gunnaí, ach dúirt sé nár mharaigh sé na gníomhairí.[4][5] Tá forais faire ar nós Amnesty International, agus daoine mór le rá (Nelson Mandela, Máthair Treasa, agus an 14ú Dalaí Láma san áireamh), i mbun feachtais ar son trócaire do Peltier.[6][7][8]

Nuair a tharla an lámhach, bhí Peltier ina bhall gníomhach d'AIM, eagraíocht tathanta ar son cearta na mBundúchasach i Meiriceá Thuaidh a d’oibrigh chun dul i ngleic leis an gciníochas agus brúidiúlacht póilíneachta a d’fhulaing Bundúchasaigh Mheiriceá ar bhonn rialta.[9] Sheas Peltier i dtoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2004, fuair sé ainmniúchán an Pháirtí Síochána agus Saoirse. Fuair sé 27,607 vóta san olltoghchán i mí na Samhna, cé go raibh sé teoranta don bhallóid i California amháin. Sheas sé mar Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe in 2020, ar thicéad le Gloria La Riva mar iarrthóir na huachtaránachta. Tharraing Peltier siar as an rás ar 1 Lúnasa 2020 ar chúiseanna sláinte.[10][11][12]

Tá Peltier i bPríosún Feidearálach na Stát Aonraithe in Coleman, Florida.[13] Ar 18 Eanáir 2017, fógraíodh gur dhiúltaigh an tUachtarán Barack Obama iarratas Peltier ar thrócaire.[14] Is de bhunadh Lakota, Dakota agus Francach, agus ball cláraithe den Turtle Mountain Chippewa é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. United States v. Peltier, 189 F. Supp. 2d 970 (D.N.D. 2002)” (en). Justia Law. Dáta rochtana: 2 Iúil 2020.
  2. "Leonard Peltier". britannica.com.
  3. Lewis, Hugh M. (2004). "Robidoux Chronicles". Trafford Publishing. 
  4. Ezzo, Joseph (2013). "The Leonard Peltier Case: An Argument in Support of Executive Clemency Based on Norms of International Human Rights". American Indian Law Review 38: 35–99. 
  5. Peltier, Leonard (1999). "Prison Writings: My Life is My Sundance". New York: St. Martins Griffin. 
  6. Annual Report: USA 2010” (en-US). Amnesty International USA. Dáta rochtana: 2 Iúil 2020.
  7. Former FBI Agent Calls for Clemency for Leonard Peltier” (en-US). Amnesty International USA. Dáta rochtana: 2 Iúil 2020.
  8. Top prosecutor in Leonard Peltier case urges clemency in 'extraordinary' move” (en). The Guardian (4 Eanáir 2017). Dáta rochtana: 2 Iúil 2020.
  9. Leonard Peltier | American Indian activist”. Encyclopædia Britannica. Dáta rochtana: 2 Iúil 2020.
  10. La Riva / Peltier Presidential Campaign Announcement” (en). La Riva Peltier 2020. Dáta rochtana: 2 Iúil 2020.
  11. PSL Admin (Lúnasa 2020). “Leonard Peltier regretfully withdraws as vice-presidential candidate”. Party for Socialism and Liberation. Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2020.
  12. Winger, Richard (2 Lúnasa 2020). “Party for Socialism & Liberation Alters its Vice-Presidential Nominee”. Ballot Access News. Dáta rochtana: 3 Lúnasa 2020.
  13. Federal Bureau of Prisons”. Federal Bureau of Prisons. Dáta rochtana: 12 Samhain 2012.
  14. Obama won't commute Native American activist Leonard Peltier”. New York Daily News. Dáta rochtana: 27 Márta 2018.