Máthair Treasa
Bean rialta Chaiitliceach ba ea an Mháthair Treasa nó Agnesë Gonxhe Bojaxhiu (26 Lúnasa, 1910 – 5 Meán Fómhair, 1997). Bhunaigh sí Misinéirí na Catharnachta i gCalcúta na hIndia sa bhliain 1950. Chaith sí cúig bliana is daichead ag obair ann agus ag cur le fás Mhisinéirí na Catharnachta ar fud na tíre agus an domhain.
Faoi am na 1970í bhí clú agus cáil uirthi, ach go háirithe nuair a craoladh clár faisnéise agus a foilsíodh leabhar, Something Beautiful for God le Malcolm Muggeridge. Bhuaigh sí Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1979 agus an gradam is cáiliúla san India, an Bharat Ratna, sa bhliain 1980. Lean Misinéirí na Catharnachta ar aghaidh ag fás agus ag am a báis bhí 610 Misin lonnaithe i 123 tír.
Chomh maith leis na moltaí agus gradaim idirnáisiúnta ó rialtais, eagrachtaí agus daoine éagsúla, bhí daoine áirithe á cáineadh freisin. Níor aontaigh siad lena tuairimí ar an nginmhilleadh, ar an spioradáltacht ar mhaitheas an bhochtanais 'srl.
Naisc sheachtracha [athraigh]
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: An Mháthair Treasa |