Leon Max Lederman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea Leon Max Lederman (1922-). Agus é ag obair le Melvin Schwartz is Jack Steinberger i Saotharlann Náisiúnta Luasairí Fermi i mBatavia, Illinois i 1962, chruthaigh sé go raibh dhá fhocháithnín ag an múón, an neoidríonó-mhuón is an leictreonmhuón, rud a thaispeáin gur dhócha go raibh na cáithníní bunúsacha ina nglúinte, agus neoidríonónna gaolmhara ag an leictreon, an múón, is an tó-leaptón. Roinn an triúr Duais Nobel sa bhfisic i 1988 as an obair seo. Ina dhiaidh sin d'fhionn sé an céón neodrach fadsaolach is an bunchuarc.