Melvin Schwartz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i gCathair Nua-Eabhrac ab ea Melvin Schwartz (1932-2006). Agus é ag obair le Leon Lederman is Jack Steinberger i Saotharlann Náisiúnta Fermi na Luasairí i mBatavia, Illinois, chruthaigh sé go raibh dhá fho-cháithnín ag an múón, an neoidríonó-mhúón is an leictreonmhúón, rud a thaispeáin gur dhócha go raibh na cáithníní bunúsacha ina nglúinte, le neoidríonónna gaolmhara ag an leictreon, an múón is an tó-leaptón. Roinn an triúr Duais Nobel sa bhfisic i 1988 as an obair seo.