Katie Melua
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Katie Melua | |
| Melua sa bhliain 2004 | |
| Ainm breithe | Ketevan Melua |
| Rugadh | 16 Meán Fómhair, 1984 |
| Kutaisi, an tSeoirsia | |
| Seánra(í) ceoil | snagcheol, pop, gormacha |
| Lipéad/lipéid | Dramatico |
| Suíomh gréasáin | www.katiemelua.com |
Amhránaí, cumadóir ceoil, agus ceoltóir Seoirseach/Briotanach í Ketevan "Katie" Melua. Rugadh in Kutaisi, sa tSeoirsia, í ar an 16 Meán Fómhair 1984. Chaith sí blianta a céad óige in Batumi sa tír chéanna, ach nuair a bhí sí ocht mbliana d'aois, fuair a hathair, ar máinlia croí é, jab in Ospidéal Ríoga Victoria, Béal Feirste, agus shocraigh an teaghlach síos i dTuaisceart Éireann. Nuair a bhí sí ceithre bliana déag d'aois, d'aistrigh an teaghlach go Sasana.