Karl Friedrich Hieronymous Münchhausen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saighdiúir a rugadh i mBodenwerder na Gearmáine ab ea Karl Friedrich Hieronymous Münchhausen (1720-1797). Throid sé i bhfeachtais mhíleata sa Rúis i gcoinne na dTurcach, agus ina dhiaidh sin bhain cáil amach mar scéalaí ar a ghaiscí. Ach rinne sé an oiread sin áibhéile seafóidí gur úsáideadh a ainm chun cur síos ar scéal áibhéileach seafóideach.