Karl Ferdinand Braun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i bhFulda na Gearmáine ab ea Karl Ferdinand Braun (1850-1918). Thóg sé an chéad fheadán ga-chatóideach (feadán Braun) i 1897. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic i 1909 le Marconi as a shaothar a bhí bunúsach don raidió.