Juan Sebastian del Cano

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Loingseoir a rugadh i nGuetaria na Spáinne ab ea Juan Sebastian del Cano (?-1526). Thaistil sé mar fho-oifigeach le Fernão de Magalhães ó Seville i 1519 thar Rinn an Choirn, trasna an Aigéin Chiúin (ainm a bhaist Magahães air) do na hOileáin Fhilipíneacha. Mharaigh dúchasaigh Magalhães ansin, ach chuaigh del Cano i gceannas ar an aistear is lean leis trasna an Aigéin Indiaigh, thar Rinn an Dóchais gur fhill ar an Spáinn sa long Victoria i 1522. Mar sin, ba é an chéad chaptaen loinge a thimpeallaigh an Domhan.