Fernão de Magalhães

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFernão de Magalhães

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1480
Ponte da Barca (Ríocht na Portaingéile)
Bás27 Aibreán 1521
40/41 bliana d'aois
Mactan Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Maraíodh i gcomhrac)
Áit adhlacthaluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, mairnéalach, mairnéalach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis, an Phortaingéilis agus an Spáinnis
Gairm mhíleata
GéillsineImpireacht na Spáinne
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arMagellan’s expedition (en) Aistrigh agus Trinidad (en) Aistrigh
CoinbhleachtBattle of Mactan (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
10 Lúnasa 1519Magellan’s expedition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileBeatriz Barbosa Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRui de Magalhães  agus Alda de Mesquita
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 6621786 Cuir in eagar ar Wikidata

Taiscéalaí Portaingéalach ab ea Fernão de Magalhães (Béarla: Ferdinand Magellan, Spáinnis: Fernando de Magallanes, 148027 Aibreán, 1521), a thug turasanna taiscéalaíochta i seirbhís na Spáinne.

Is é Fernão de Magalhães an chéad Eorpach a sheol trasna an Aigéin Chiúin. Ach níor éirigh leis an turas ar ais go dtí an Spáinn a dhéanamh mar gur maraíodh é sna hOileáin Fhilipíneacha sa bhliain 1521. Ach ba mhór an t-éacht a rinne Magellan; chruthaigh sé go bhféadfaí an Áise a bhaint amach ach seoladh siar ón Eoraip.

Na Chéad Turasanna a Thug Sé[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirigh de Magalhães an-spéis sa taiscéalaíocht agus é ina fhear óg. Is iomaí turas a thug sé ar chósta na hAfraice agus ar an Áise.[1]

Albufeira, Algarve

Chuaigh de Magalhães ar a chéad turas farraige sa bhliain 1505, nuair a bhí sé cúig bliana fichead d'aois. An uair sin, bhí sé ar dhuine acu siúd a bhí le Francisco de Almeida a insealbhú mar leasrí Portaingéalach. B'ansin a tháinig de Magalhães i ndeabhaidh lainne an chéad uair, nó fuair siad rompu taoiseach a bhí tar éis cáin a íoc le Vasco da Gama trí bliana roimhe sin, agus é ag diúltú Almeida faoin gcáin anois. Ansin, d'ionsaigh lucht leanúna Almeida é, agus ghabh siad Kilwa i dTansáin an lae inniu.

Fernão de Magalhães, Ponte da Barca

Sa bhliain 1506, chuaigh, de Magalhães go dtí na hIndiacha Thoir, agus é ag glacadh páirte sna turasanna taiscéalaíochta go dtí Oileáin na Spíosraí.

I bhFeabhra 1509, throid sé i gcath farraige Diu, a chuir deireadh le tionchar na Tuirce Otamánaí sa chearn sin den domhan.

Ó mheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh dintiúirí an chaiptín ar Mhagalhães sa bhliain 1510.

Chaill sé an coimisiún, áfach, sa bhliain a bhí chugainn, nuair a thug sé turas soir ar a long gan chead a fháil ó na húdaráis chuí roimhe sin. B'éigean dó filleadh go dtí an Phortaingéil sa bhliain 1512.

Sa bhliain 1513, cuireadh de Magalhães go dtí Maracó, áit ar throid sé i gCath Azamor. B'ansin a goineadh go tromchúiseach sa ghlúin é. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar saoire gan chead a iarraidh ar Almeida, agus milleánaíodh é faoi thradáil neamhdhlíthiúil leis na Moslamaigh. Mar sin, bhain Almeida a dhea-shúil de. Ní raibh i gcuid mhór de na líomhaintí ach gnáthaithiseoireacht nach ndeachaigh chun na cúirte riamh, ach mar sin féin, ní raibh cara fágtha ag de Magalhães i gcúirt an rí nua, Manuel a hAon.

Mar sin, chuaigh de Magalhães i muinín rí na Spáinne ar lorg oibre mar chaptaen farraige.

Timpeall an domhain, beagnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí de Magalhães i gceannas ar an chéad turas rathúil timpeall an domhain. Chreid de Magalhães dá seolfadh sé siar ón Eoraip go rachadh sé timpeall an domhain chomh fada leis an Áise. Roimhe sin, sa bhliain 1492, sheol Críostóir Colambas siar agus é ag súil go sroichfeadh sé an Áise.

Sa bhliain 1519 thug rí na Spáinne, Séarlas V, airgead do de Magalhães chun seoladh siar ón Eoraip go dtí an Áise. Fuair Magellan 5 long le haghaidh an turais. Chuir de Magalhães tús leis an turas in Sevilla na Spáinne, ag crochadh a chuid seolta ar an 20 Meán Fómhair 1519 . Bhí timpeall 270 fear ar bord na long.

Íomhá:Magellan's Cross-2, Cebu.JPG
cros de Magalhães i gcathair Cebu

Sheol de Magalhães agus a chriú a fhad le cósta na Brasaíle ar dtús agus ansin siar ó dheas feadh chósta Mheiriceá Theas. Rug stoirmeacha ar longa de Magalhães agus iad ag déanamh a mbealaigh a fhad le deisceart Mheiriceá Theas. Scriosadh ceann amháin de na longa sa drochaimsir.

Faoi dheireadh, d’éirigh le de Magalhães agus a chriú seoladh trí chaolas i ndeisceart Mheiriceá Theas agus isteach i bhfarraige shocair ar an taobh thall. An tAigéan Ciúin a thug siad ar an bhfarraige ar an taobh thall.[2] Caolas Magellan a thugtar sa lá atá inniu ann ar an gcaolas trínar sheol siad.

Níor éirigh leis, áfach, an turas sin a chríochnú, nó maraíodh i gCath Mactan in Oileán Cebu é, ceann de na hOileáin Fhilipíneacha.[3] Cath ab ea é a tharraing sé anuas air féin, nuair a chuir sé ladar i gcúrsaí polaitíochta na mbundúchasach i Cebu.

Faoi dheireadh, níor éirigh ach le long amháin an turas ar ais go dtí an Spáinn a dhéanamh. 270 fear a sheol ó Sevilla sa bhliain 1519 ach níor tháinig ar ais trí bliana ina dhiaidh sin ach timpeall fiche duine. Is é criú Magellan an chéad dream a sheol timpeall an domhain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Foras na Gaeilge. "Magellan". Dáta rochtana: 2019.
  2. examinations.ie (2015). "Sliocht coimrithe as cuntas Antonio Pigafetta ar thuras Magellan timpeall an domhain". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meán Fómhair 2019. Dáta rochtana: 2019. “Ar an gCéadaoin, 28 Samhain 1520, chuamar isteach sa mhuir Chiúin, áit ar fhanamar ar feadh trí mhí agus fiche lá gan aon soláthairtí ná aon sólaistí eile a thógáil ar bord. Níor itheamar ach seanbhrioscaí a bhí ina bpúdar agus lán le cruimheanna, agus iad bréan ón salachar a d’fhág francaigh orthu agus d’ólamar uisce a bhí buí agus bréan. Chomh maith leis sin, d’itheamar na craicne damh a bhí an-chrua de bharr na gréine, na báistí agus na gaoithe. D’fhágamar san fharraige iad ar feadh ceithre nó cúig lá agus ansin chuireamar ar an ngríosach ar feadh tamaillín iad agus ansin d’itheamar iad; min sáibh ó adhmad freisin, agus francaigh ach níorbh fhéidir dóthain díobh a fháil. Seachas na drochrudaí atá luaite thuas, ba é an mí-ádh seo a luafaidh mé an ceann ba mheasa ar fad: is é sin, gur fhás drandail uachtair agus íochtair fhormhór na bhfear chomh mór sin nach raibh ar a gcumas ithe agus, ar an gcaoi sin, fuair naoi nduine dhéag bás. Táim den tuairim láidir nach bhfeicfear turas farraige mar seo arís. Seachas iad siúd a fuair bás, buaileadh tinn fiche a cúig nó tríocha duine ó ghalair eile, sna lámha agus sna cosa agus in áiteanna eile, sa chaoi nach raibh ach fíorbheagán a d’fhan ina sláinte. Mar sin féin, buíochas le Dia, ní raibh aon tinneas ormsa. Sna trí mhí agus fiche lá sin, sheolamar ceithre mhíle léig sa mhuir Chiúin. Ba mhaith an t-ainm Ciúin di mar, le linn an ama seo, níor bhuaileamar le haon stoirm agus ní fhacamar aon talamh ach amháin dhá oileán bheaga gan chónaí orthu, nach bhfuaireamar ach éin agus crainn iontu.”
  3. "BBC World Service - Witness History, Magellan and the first voyage around the world" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-09-20.