Jonathan Swift
| Jonathan Swift | |
| Swift - portráid le Charles Jervas, 1718 | |
| Dáta breithe | 30 Samhain, 1667 |
| Baile Átha Cliath, Éire | |
| Dáta báis | 19 Deireadh Fómhair, 1745 |
| Éire | |
| Ainm cleite | Lemuel Gulliver, Isaac Bickerstaff, M.B. Drapier, srl |
| Gairm | Úrscéalaí, file, cléir |
| Seánra | Glámh, filíocht, aistí |
Scríbhneoir Angla-Éireannach ab ea Jonathan Swift (30 Samhain, 1667 – 19 Deireadh Fómhair, 1745), a scríobh aoir, aistí, paimfléid polaitiúla (do na Fuigeanna ar dtús, agus ansin do na Tóraithe) agus filíocht. Chomh maith le sin, ceapadh é mar Déan ar Ard-Eaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath.
Cuimhnítear Swift mar an duine a scríobh na leabhair iomráiteacha Gulliver's Travels, A Modest Proposal, A Journal to Stella, Drapier's Letters, The Battle of the Books, An Argument Against Abolishing Christianity agus A Tale of a Tub.
Aicmítear Swift mar duine de na aorthóirí próis ba mhó i stair an Bhéarla, agus níl an clú céanna air mar fhile. Sa chéad áit, d'fhoilsigh Swift gach rud dá chuid scríbhneoireachta faoi ainmneacha cleite, ar nós Lemuel Gulliver, Isaac Bickerstaff, M.B. Drapier, agus uaireanta eile gan ainm ar bith.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.