John Scott Haldane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fiseolaí a saolaíodh i nDún Éideann ab ea John Scott Haldane (1860-1936). Cáil air as a thaighde ar an riospráid, gásmhéadracht sa bhfuil, sláinteolaíocht thionsclaíoch, agus sláinte is sábháilteacht i mianaigh. Cáil ar a mhac John Burdon Sanderson Haldane (1892-1964) as matamaitic a chur i bhfeidhm sa bhitheolaíocht, agus an eolaíocht a léiriú don ghnáthduine.