Riospráid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
scamhóga

Tá trí chiall ghaolmhar leis an téarma fiseolaíoch seo, nó 3 phas de phróiseas iomlán amháin.

1/ Is é an chéad cheann, an gníomh análaithe lena ngluaiseann ainmhithe tíre aer isteach ina scamhóga is amach astu, agus lena gcaidéalaíonn ainmhithe uisciúla uisce trína ngeolbhaigh.

2/ Is é an dara ceann ná tógáil ocsaigine ón gcomhshaol is scaoileadh dé-ocsaíd charbóin ar ais ann.

3/ Sa tríú ciall, tá próisis meitibileachta ann lena ndíorthaíonn orgánach fuinneamh ó bhianna trí ocsaigin a úsáid (riospráid aeróbach) nó gan a úsáid (riospráid anaeróbach): uaireanta tugtar riospráid cillefíocháin air seo.

Sa duine, cuirtear análú i bhfeidhm trí thoirt an cháis thóracsaigh a athrú go tréimhsiúil (tríd an scairt a chrapadh is na heasnacha a ghluaiseacht): gluaiseann sé seo aer isteach sna scamhóga (ionanálú) is amach astu (easanálú).

Idirleathann ocsaigin ó na hailbheolaigh isteach sna ribeadáin scamhógacha agus iompraíonn imshruthú na fola í chuig na fíocháin ar fud na colainne le húsáid i riospráid aeróbach.

Idirleathann dé-ocsaíd charbóin ó na fíocháin isteach sna ribeadáin ansin agus iompraíonn imshruthú na fola ar ais do na ribeadáin scamhógacha, is amach sna hailbheolaigh le heasanálú ó na scamhóga amach sa chomhshaol.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Riospráid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 563.