John Douglas Cockroft

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí núicléach a saolaíodh i dTodmorden Shasana ab ea John Douglas Cockroft (1897-1967). Tháinig sé le bheith ina stiúrthóir ar fhoireann fuinnimh núicléach na Breataine i 1946. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Ernest Walton i 1951 as a gcomhthaighde ar scoilteadh an adaimh i 1932. Trí sprioc litiam a imbhualadh le prótóin luasghéaraithe go dtí fuinneamh de 700 cilileictreon-vólta (keV) a rinneadar é seo. Tháirg sin drithlí alfacháithníní (núicléis héiliam), a chiallaigh gur claochlaíodh an litiam. Chuir an turgnamh seo tús le himbhuailteoirí sa bhfisic.