Johann (Óg) Strauß

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Veidhleadóir, stiúrthóir is cumadóir a rugadh sa Vín, mac le sean-Johann Strauß ab ea Johann (Óg) Strauß (1825-1899). Chum sé níos mó ná 400 válsa — ina measc An der schönen blauen Donau (Ar an Danóib Ghorm, 1867) agus Geschichten aus dem Wienerwald (Scéalta as Coillte na Víne, 1868)—polcaí, máirseálacha, cuid mhaith ceolchluichí — ina measc Die Fledermaus (An Ialtóg, 1874)—agus an píosa ceoil coirme fíorchoitianta Perpetuum Mobile (Síorghluaiseacht).