James Gibbs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire a rugadh in Obar Dheathain na hAlban ab ea James Gibbs (1682-1754). Cara is deisceabal le Christopher Wren, ceapadh é ina choimisinéir ar thógáil eaglaisí nua i Londain i 1713. I measc a chuid dearthaí bhí St Mary-le-Strand (1717) agus St Martin-in-the-Field (1726). Ina Book of Architecture (Leabhar na hAiltireachta, 1728) cáiliúil chuir sé le scaipeadh na stíle Pallaidíche, rud a d'fhág lorg ar an-chuid eaglaisí den tréimhse choilíneach i Meiriceá.