Pallaidiachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid ó I quattro libri dell'architettura (Ceithre leabhar na hailtireachta) le Andrea Palladio

Stíl ailtireachta sa 17ú-18ú céad, díorthaithe ó fhoirgnimh Athbheochana is scríbhinní Andrea Palladio. Pleanáil shiméadrach is úsáid foirmeacha Rómhánacha a bhí mar chroí na stíle. Tháinig sé le bheith an-choitianta i Sasana tar éis d'Inigo Jones í a úsáid don Fhleiteach i Londain (1619-1622), agus don Tiarna Burlington í a chur chun cinn ina scríbhinní. Ag an am céanna baineadh úsáid as an stíl go forleathan san Iodáil, an Ghearmáin, an Ollainn, an Rúis, is na Stáit Aontaithe.