Jacobus Henricus van't Hoff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jacobus Henricus van 't Hoff

Ceimicí, i measc bunaitheoirí na ceimice fisiciúla is na steiréiceimice, a rugadh i Rotterdam na hOllainne ab ea Jacobus Henricus van 't Hoff (30 Lúnasa 18521 Márta 1911). Rinne sé an tairiscint go bhféadfadh nádúr neamhshiméadrach a bheith ag naisc le hadaimh carbóin. Chuir sé airíonna teirmidinimiciúla imoibrithe ceimiceacha san áireamh den chéad uair riamh. Chruthaigh sé gur athraigh an brú osmóiseach go díreach leis an dearbhtheocht. Rinne sé taighde ar fhoirmiú salann dúbailte. Bhuaigh sé an chéad Duais Nobel sa cheimic sa bhliain 1911.