Ivar Giaever

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir leictreach a rugadh i mBergen na hIorua is ea Ivar Giaever (1929-). Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1956, agus rinne feabhsuithe suntasacha ar fheistí leictreonacha, bunaithe ar an iarmhairt thollánach, is é ag obair i gcomhlacht General Electric. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Leo Esaki is Brian Josephson i 1973 as an saothar ar fheiniméin tolláin.