Leo Esaki

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh in Ósaca na Seapáine is ea Reona EsakiLeo Esaki (12 Márta 1925). Agus é ag obair i gcomhlacht Sony i 1957 cheap sé dé-óid Esaki (an dé-óid tolláin), feiste leathsheoltach a úsáideadh go forleathan i ríomhairí leictreonacha is córais mhicreathonnacha. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe i 1960 ag obair i gcomhlacht IBM, agus rinne saothar ceannródaíoch ansin ar fheiste a bhí bunaithe ar loig chandamacha is forlaitísí. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic le Ivar Giaever is Brian Josephson i 1973 as an saothar ar fheiniméin tolláin.