Leathsheoltóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sliseog

Is éard is leathsheoltóir ann ná ábhar a bhfuil a sheoltacht leictreach (an tseoltacht atá bunaithe ar shreabh na leictreon, seachas an tseoltacht ianach) níos ísle ná seoltacht na seoltóirí maithe, ach níos airde ná seoltacht na n-inslitheoirí. Is iad na leathsheoltóirí is bunús leis an leictreonaic nua-aoiseach: na raidiónna, na ríomhairí, na gutháin agus a lán sásanna eile tá siad i dtuilleamaí na leathsheoltóirí. Na comhchodanna leictreonacha a úsáidtear sna sásanna sin, cosúil leis na trasraitheoirí, na grianchealla, na dé-óideanna astaithe solais, na coigeartóirí sileacain rialaithe, agus na ciorcaid iomlánaithe, - ní fhéadfaí na comhchodanna seo a thógáil in uireasa na leathsheoltóirí.

Is solaid chriostalacha iad na leathsheoltóirí is coitianta, ach tá leathsheoltóirí dímhorfacha agus leachtacha ann freisin. Samplaí iad an sileacan hidriginithe dímhorfach agus meascáin éagsúla arsanaice, seiléiniam agus teallúiriam. Cosúil leis na leathsheoltóirí eile, athraíonn seoltacht na gceann seo go tobann de réir athruithe na teochta, agus faoi imthoscaí ar leith, is féidir leo friotaíocht dhiúltach a léiriú. (Is éard is ciall leis an bhfriotaíocht dhiúltach ná go dtitfidh an voltas nuair a rachaidh an sruth leictreach i méadaíocht - i ngnáthfhriotóirí, is é sin, friotóirí ómacha, rachaidh an voltas i méadaíocht má mhéadaítear an sruth leictreach atá ag dul tríd an bhfriotóir.) Na leathsheoltóirí dímhorfacha, is féidir iad a úsáid i bhfoirm tanascannáin, is é sin, mar chiseal nach bhfuil ach cúpla scór nanaiméadar ar tiús. Mar sin, is féidir ciorcaid agus comhchodanna leictreonacha a dhéanamh iontach beag má bhaintear leas as leathsheoltóirí.

Is é an sileacan a úsáidtear sa chuid is mó de na leathsheoltóirí atá ar fáil ar an margadh tráchtála, cé go bhfuil a lán eile ann, cosúil leis an ngearmáiniam, an chairbíd sileacain agus an arsainíd ghailliam. Is féidir seoltacht an tsileacain agus na leathsheoltóirí eile a athrú trí "dhópáil", is é sin, iarsmaí beaga truailleáin ("dópáin") a chur leis an mbunábhar.

Go bunúsach, is é is cuis le seoltacht íseal an tsileacain ná go bhfuil ceithre fhiúsleictreon ag an adamh sileacain, agus gach ceann acu ceangailte i leictreondís le leictreon de chuid adamh sileacain eile. Mar sin, tá ocht leictreon - ochtréad iomlán - timpeall ar gach adamh sileacain sa chriostal, agus is struchtúr cobhsaí é an t-ochtréad sin nach ligeann do na fiúsleictreon dul timpeall sa chriostal le lucht leictreach a iompar leo. Scéal eile, áfach, má "dhópáiltear" an sileacan le hiarsmaí beaga bóróinalúmanaim, nach bhfuil ach trí fhiúsleictreon acu. Ansin fágfar bearna san ochtréad, agus is dual do bhearnaí den chineál seo taisteal a dhéanamh sa chriostal, nuair a bhíonn leictreoin ag dul sna bearnaí agus ag fágáil bearnaí nua ina ndiaidh. Arís, má dhópáiltear an sileacan le fosfar a bhfuil cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aige, beidh leictreoin bhreise sa chriostal, agus iad ag taisteal timpeall agus ag iompar lucht leictreach.