Forsheoltacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iompar neamhghnách ina gcailleann ábhar ar leith aon fhriotaíocht do sheoladh srutha leictrigh. De réir dlí Ohm, nuair a ritheann sruth trí ábhar forsheoltach ní bhíonn aon voltas trasna, agus ní chruthaítear aon teas ón bhfuinneamh leictreach a iompraítear tríd. Mar sin, tá an seoladh srutha leictrigh lánéifeachtach trína leithéid d'ábhar. Dá mb'fhéidir sreanga forsheoltacha a úsáid i gciorcaid is mogalraí leictreacha, ba mhór an choigilt fuinnimh é. Gníomhaíonn na dúile miotalacha luaidhe, stán is mearcair, agus comhdhúile éagsúla mar fhorsheoltóirí nuair a fhuaraítear iad go dtí teocht héiliam leachtaithe ag -273.15 °C, an-ghar don dearbhnialas teochta. Tá sé an-chostasach ó thaobh airgid is fuinnimh de a leithéid a chur i gcrích, agus mar sin ní dóchúil go bhfeidhmeofar éifeacht na forseoltachta i dtarchur leictreachais leis na miotail sin. Le blianta anuas táthar tar éis comhdhúile ceirmeacha, bunaithe ar thailliam, a úsáid a léiríonn forsheoltacht ag teocht nítrigine leachtaithe, nó fiú suas go dtí -150 °C. Tá an-chuid taighde ar siúl chun comhdhúile a aimsiú a bheadh forsheoltach ag teocht níos mó fós, rud a dhéanfadh táirgeadh is feidhmiú na n-ionstraimí is na n-inneall a bheadh bunaithe ar chiorcaid is comhbhaill fhorsheoltacha níos saoire fós.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forsheoltacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 283.