Tailliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTailliam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Tailliam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTl
Uimhir adamhach81
Mais adamhach204.38
Peiriad, Grúpapeiread 6
Dúil Ghrúpa 13
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.62
Ga ianach1.5, 1.59, 1.7, 0.75, 0.89 agus 0.98
Stair
AimsitheoirWilliam Crookes
Fionnachtain1861
Eapainmtallas

Is dúil cheimiceach é an tailliam. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 204.388 g/mol. Is é dúil uimhir a 81 é, agus is é Tl an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Tá sé cosúil leis an stán, ach tagann smúit air faoi thionchar an aeir. Nimh atá ann, agus sna laethanta a bhí, ba ghnách luchóga móra agus feithidí a mharú le tailliam. Tá sé chomh nimhiúil don duine féin, áfach, go bhfuil an chuid is mó de na náisiúin shibhialta ag iarraidh éirí as an úsáid sin. Bhain a lán dúnmharfóirí úsáid as an tailliam chomh maith.

Inniu, úsáidtear an chuid is mó den tailliam sa leictreonaic, go háirithe sna leathsheoltóirí. Tá an tailliam an-bhraiteach ar an radaíocht infridhearg, nó athróidh a sheoltacht go mór má bhuaileann radaíocht den chineál sin é. Is féidir tailliam a úsáid i mbrathadóirí radaíochta eile freisin, cosúil leis na cinn a aithníonn radaighníomhaíocht.

Tá dhá staid ocsaídiúcháin ag an tailliam ina chuid comhdhúil: +1 agus +3.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]