Ivan Petrovich Pavlov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fiseolaí a rugadh i Ryazan na Rúise ab ea Ivan Petrovich Pavlov (1849-1936). Rinne sé taighde suntasach ar phróiseas an díleáite i madraí, rialú néarógach an tseilithe, agus ról na n-einsímí. Léirigh sé an t-oiriúnú in ainmhithe a dtugtar oiriúnú Pavlóvach air ó shin. Tionchar mór ag a shaothar ar fhorbairt an iomprachais sa tsíceolaíocht. Bronnadh Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine air i 1904 as an saothar seo.