In Utero (albam)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
In Utero
Albam le Nirvana
Seolta 21 Meán Fómhair, 1993
Stíl Grúinse
Fad 41:11
Lipéad David Geffen Company
Léiritheoir Steve Albini
Albaim eile le Nirvana

Is é In Utero an ceathrú albam ón bhanna rac-cheoil Mheiriceánaigh Nirvana. Tar éis an cháil mhór a bhaineadar amach leis an albam Nevermind, bhí sé de sprioc acu filleadh ar a bhfréamhacha punc-raic agus mar sin d'eisigh siad ceirnín a bhí i bhfad níos callánaí, níos casta agus míshlachtmhaire. An léiritheoir a roghnaigh siad ná Steve Albini, rud a chuir olc ar Geffen agus iad ag tnúth le rianta tarraingteacha nua a dhíolfaí na mílte cóip uair amháin eile. Ní raibh Kurt Cobain ar a chompord riamh lena cháil nua, rud a bhí mar théama don albam. In ainneoin an cur chuige nua siúd a bhí acu, shroich an t-albam barr na gcairteacha arís, buíochas le hamhráin cháiliúla amhail "Heart-Shaped Box" agus "All Apologies".

Clár[athraigh | edit source]

  1. Serve The Servants 3:34
  2. Scentless Apprentice 3:37
  3. Heart-Shaped Box 4:39
  4. Rape Me 3:04
  5. Frances Farmer Will Have Her Revenge On Seattle 4:17
  6. Dumb 2:56
  7. Very Ape 2:53
  8. Milk It 3:44
  9. Pennyroyal Tea 2:37
  10. Radio Friendly Unit Shifter 3:33
  11. Tourettes 3:17
  12. All Apologies 3:51
  13. Gallons Of Rubbing Alcohol Flow Through The Strip